Úráiniam
Is é an t-úráiniam dúil uimhir a 92, agus is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná U. Miotal geal insínte é nach bhfuil ach iseatóip radaighníomhacha aige. Tá úráiniam an dúlra comhdhéanta as ceithre iseatóp, mar atá, 238U (99.284 %), 235U (0.711 %), 234U (0.0054 %) agus 236U (iarsmaí beaga). Tá na hiseatóip seo go léir fadsaolach, nó is é úráiniam a 234 an ceann is giorra leathré - timpeall ar aon cheathrú milliún bliain. Maidir leis na hiseatóip eile, bíonn an meath ag teacht orthu siúd i bhfad níos moille fós, nó tá siad go léir na milliúin bliain ar leathré. Is é úráiniam a 238 an ceann is fadsaolaí acu go léir, nó tá sé ceithre mhórmhilliún bliain ar leathré.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach, dúil radaighníomhach agus dúil litifileach |
---|---|
Úráiniam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | U |
Uimhir adamhach | 92 |
Mais adamhach | 238.02891 |
Peiriad, Grúpa | peiread 7 achtainíd |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | 19.05 kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 1.38 |
Ga ianach | 1.03, 0.89, 1, 1.17, 0.76, 0.45, 0.52, 0.73 agus 0.86 |
Stair | |
Aimsitheoir | Eugène-Melchior Péligot agus Martin Heinrich Klaproth |
Fionnachtain | 1789 agus 1789 |
Eapainm | Úránas |
Is é úráiniam a 235 an ceann is féidir a úsáid sna buamaí adamhacha agus sna himoibreoirí núicléacha, nó is iseatóp ineamhnaithe é - go praiticiúil, is é an t-aon núiclíd ineamhnaithe a bhfuil teacht uirthi sa dúlra. Maidir leis an gcineál meath radaighníomhach a thagann ar an úráiniam, is é an t-alfa-mheath é, de ghnáth, agus is rud tipiciúil é ag núiclídí troma cosúil le hiseatóip an úráiniam.
Ba é an ceimiceoir Gearmánach Martin Heinrich Klaproth a d'aithin an t-úráiniam agus a d'ainmnigh é sa bhliain 1789. An púdar dubh a d'aonraigh Klaproth, níorbh é an t-úráiniam féin é, mar a shíl sé, ach ocsaíd an úráiniam. Ba é Eugène-Melchior Péligot a rinne an chéad eiseamal den mhiotal féin, sa bhliain 1841.Níor tuigeadh radaighníomhaíocht an úráiniam roimh dheireadh na naoú haoise déag, nuair a d'aithin an t-eolaí Francach Henri Becquerel go raibh an úráinildéshulfáit potaisiam K2UO2(SO4)2 in ann "smúit" a fhágáil ar phláta neamhnochta grianghrafadóireachta. Is é an tátal a bhain sé as an scéal go raibh gathanna dofheicthe ag teacht as an úráiniam agus go raibh na gathanna seo ag oibriú ar an bpláta mar a bheadh solas iontu.
Is é an ochtocsaíd trí-úráiniam, U3O8, an chomhdhúil is tábhachtaí agus is cobhsaí dá bhfuil ag an úráiniam. Is ionann í agus an phicbhleind. Ocsaíd thábhachtach eile í an dé-ocsaíd, UO2. Tá a lán staideanna ocsaídiúcháin ag an úráiniam, ach is iad +IV agus + VI na huimhreacha ocsaídiúcháin is coitianta. Ian tábhachtach é an t-ian úráinile UO22+. San ian seo, is é an staid ocsaídiúcháin atá ag an úráiniam ná +VI, agus téann an t-ian i gcomhdhúile le hainiain na n-aigéad: samplaí iad an chlóiríd úráinile UO2Cl2 agus an tsulfáit úráinile UO2SO4.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |