Hiroshima
Cathair sainithe de chuid na Seapáine is ea Hiroshima (広島市). Is é is ciall le hainm na cathrach ná "Oileán Leathan".
Hiroshima | |||||
---|---|---|---|---|---|
広島市 (ja) | |||||
Aintiún | municipal anthem of Hiroshima (en) (1965) | ||||
Siombail oifigiúil | Cinnamomum camphora agus oiliandar | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an tSeapáin | ||||
Maoracht sa tSeapáin | Maoracht Hiroshima | ||||
Príomhchathair de | |||||
Príomhchathair | Naka-ku | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,198,021 (2021) | ||||
• Dlús | 1,323.77 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Sassenhirofuku (en) 100 municipalities with water (en) Hiroshima metropolitan area (en) | ||||
Achar dromchla | 905.01 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Ōta, Hiroshima Bay (en) agus Seto Inland Sea (en) | ||||
Pointe is airde | Mount Ōmine (en) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Niho, Niho, Yaga, Ushita, Koi, Kusatsu, Furuta, Misasa, Hesaka, Nakayama, Inokuchi, Numata, Asa, Kabe, Gion, Kōyō, Satō, Yasufuruichi, Senogawa, Shiraki, Aki, Kumanoato, Funakoshi, Yano, Itsukaichi agus Yuki | ||||
Bunaitheoir(í) | Mōri Terumoto | ||||
Cruthú | 1589 1 Aibreán 1889 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Hiroshima | Kazumi Matsui (2011–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 730-8586 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 82 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | city.hiroshima.lg.jp | ||||
Tá an chathair suite i ndeisceart Honshu. Príomhchathair Mhaoracht Hiroshima atá ann.
Bhí 1,173,980 duine ina gcónaí i Hiroshima sa bhliain 2010 (daonáireamh 2010).
Stair
cuir in eagarBuamáladh an chathair le linn an Dara Cogadh Domhanda ag Meiriceá. Ach ar an 6 Lúnasa 1945, baineadh feidhm as an mbuama adamhach chun Hiroshima a scriosadh. Scaoil an t-eitleán Enola Gay an "Buachaill Beag". Bhí Hiroshima an chéad chathair ar domhan a scriosadh le buama adamhach.
Mharaigh an buama timpeall 45,000-70,000 duine i nóiméad amháin. Bhásaigh a oiread eile daoine arís mar gheall ar nimhiú radaíochta. Maraíodh idir 95,000 agus 146,000 duine in iomlán le linn 1945[1] – tá sé deacair figiúr deimhneach a fháil.
Scaoil na Stáit Aontaithe buamaí adamhacha anuas ar dhá chathair sa tSeapáin,[2] Hiroshima agus Nagasaki, i mí Lúnasa 1945. Ghéill an tSeapáin ar an 15 Lúnasa agus chuir sé sin deireadh leis an gcogadh.
Le linn an chomórtha sa bhliain 2015, buaileadh cloig sa chathair, d'umhlaigh na daoine i mbun paidreoireachta, agus tionóladh nóiméad ciúinis ag 8.15 ar maidin am na Seapáine. In Éirinn tá searmanas bliantúil ar an 6 Lúnasa á reáchtáil ag an bhfeachtas ar son na dí-armála núicléiche i gCearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.[3]
Ar 27 Bealtaine 2016, leag Uachtarán na Stát Aontaithe Barack Obama bláthfhleasc i Hiroshima.[4] Thug sé cuairt ar an bpáirc cuimhneacháin a tóigeadh le comóradh a dhéanamh ar na daoine a bhásaigh de bharr an bhuama in éindí le Príomhaire na Seapáine Shinzo Abe.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Atomic bombings of Hiroshima and Nagasaki" (as en) (2021-08-05). Wikipedia.
- ↑ Séamas Ó Neachtain. "An Buama Adamhach". www.scoilgaeilge.org. Dáta rochtana: 2021-08-06.
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-08-06). "Comóradh 70 bliain ar Hiroshima" (as ga).
- ↑ Nucht RTÉ (2016-05-27). "Céad Uachtarán as Meiriceá le cuairt a thabhairt ar Hiroshima" (as ga).