Is iad na hachtainídí nó na hachtanóidigh na dúile ceimiceacha ón achtainiam (dúil uimhir a 89) go dtí an láirinciam (dúil uimhir a 103), nó, de réir tuisceana eile, ón tóiriam (dúil uimhir a 90) go dtí an láirinciam. Fuair an tsraith seo de dhúile a hainm ón achtainiam, pé scéal é. Is dúile f-bhloic iad na hachtainídí, agus iad suite taobh thíos de na lantainídí i dtábla peiriadach na ndúl. An chuid is mó de na lantainídí, is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíonn acu sna comhdhúile ná +3; na hachtainídí, áfach, bíonn siad níos éagsúla ó thaobh a bhfiúis de. Dúile radaighníomhacha iad na hachtainídí go léir, is é sin, níl iseatóip chobhsaí acu, ach tá úráiniam agus tóiriam le fáil sa dúlra, ós rud é go bhfuil iseatóip chomh fadsaolach acu. Cuid mhór de na hachtainídí eile is dúile saorga daondéanta iad, is é sin, níl teacht orthu sa dúlra, agus is éigean iad a tháirgeadh in imoibreoirí núicléacha.

Mhol Enrico Fermi go mbeadh eilimintí trasúránacha ann sa bhliain 1934.

Is ionann "na hachtanóidigh" agus "na hachtainídí". Uaireanta, chloisfeá gurb é an difríocht nach n-áirítear an t-achtainiam féin ar na "hachtainídí" ach gurb ionann na "hachtanóidigh" agus na hachtainídí in éineacht leis an lantanam. Ní thacaíonn polasaí oifigiúil Chumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) i gcúrsaí téarmaíochta leis an tuiscint seo, áfach.

Is iad na hachtainídí ná: