Aimeiriciam
Is é an t-aimeiriciam dúil cheimiceach uimhir a 95, agus é suite idir an plútóiniam agus an ciúiriam i dtábla peiriadach na ndúl. Is miotal trom trasúránach é, agus is ceann de na hachtanóidigh é. Mar sin, cosúil leis an gcineál seo miotal go léir, is dúil radaighníomhach é go hiomlán - níl oiread is aon iseatóp cobhsaí amháin aige. Ba é an fisiceoir Meiriceánach Glenn Seaborg a d'aithin mar dhúil ar leith é, agus ós rud é go bhfuil sé suite díreach faoin eoraipiam sa tábla peiriadach, fuarthas cuí é a ainmniú as an Oileán Úr.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach |
---|---|
Aimeiriciam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Am |
Uimhir adamhach | 95 |
Mais adamhach | 243 |
Peiriad, Grúpa | peiread 7 achtainíd |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 1.13 |
Ga ianach | 0.98, 1.09, 0.85 agus 0.95 |
Stair | |
Aimsitheoir | Glenn Theodore Seaborg |
Fionnachtain | 1944 |
Eapainm | Meiriceá |
Is iad 243Am (leathré 7370 bliain) agus 241Am (432.2 bliain) an dá iseatóp is fadsaolaí.
Tá aimeiriciam a 241 ineamhnaithe. Is féidir, go teoiriciúil, aimeiriciam a 241 a úsáid le haghaidh buamaí adamhacha, ach tá a mhais chriticiúil chomh hard is nach mbeadh sé praiticiúil buama adamhach a dhéanamh ina mbeadh an t-aimeiriciam á úsáid mar ábhar eamhnaithe.
Is féidir a lán a fháil amach faoi shaintréithe ceimiceacha an aimeiriciam, chomh fadsaolach is atá na hiseatóip is cobhsaí. Is féidir smutáin infheicthe aimeiriciam a tháirgeadh fosta: miotal é an t-aimeiriciam a bhfuil loinnir gheal ann, agus é bog insínte.
Mar is dual do na lantanóidigh is na hachtanóidigh, is é +3 an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí, ach bhí na saineolaithe in ann a lán staideanna ocsaídiúcháin eile a aithint ag an dúil seo, ó +2 go +7. Is iad an dá ocsaíd Am2O3 agus AmO2 an dá chomhdhúil is tábhachtaí. Nuair a bhaintear leas as an aimeiriciam sa teicneolaíocht, is mar ocsaíd aimeiriciam (III), nó Am2O3, is mó a úsáidtear é.
Is follas go n-oibríonn an t-aimeiriciam leis na halaiginí chomh maith. Tá déchlóiríd AmCl2, débhróimíd AmBr2 agus dé-iaidíd AmI2 ann, chomh maith le sraith iomlán tríhalaiginídí: trífhluairíd AmFl3, tríchlóiríd AmCl3, tríbhróimíd AmBr3 agus trí-iaidíd AmI3. Thairis sin, tá an uimhir ocsaídiúcháin +4 ag an aimeiriciam sa teitreafhluairíd aimeiriciam, AmFl4. Criostail dhubha iad na déhalaiginídí. Tá dath pinc sa trífhluairíd agus sa tríchlóiríd, agus is criostail bhuí iad an dá tríhalaiginíd eile. Maidir leis an teitreafhluairíd, tá dath fann pinc le haithint ann freisin.
Is é an t-aimeiriciam an t-aon dúil shaorga thrasúránach a bhíonn le fáil sa bhaile ag na daoine i gcoitinne, nó bíonn aimeiriciam sna brathadóirí deataigh ianúcháin a úsáidtear mar ghléasra aláraim le rabhadh a thabhairt faoin dóiteán in am. An radaíocht a thugann an t-aimeiriciam uaidh ianaíonn sí an t-aer idir dhá leictreoid, ionas go bhfuil sruth leictreachais ag dul idir na leictreoidí - tugtar "seomra ianúcháin" ar an gcuid den bhrathadóir ina bhfuil na leictreoidí seo. Má thagann gráinníní deataigh idir na leictreoidí, áfach, cuirfidh siad isteach ar an sruth leictreach, agus ansin tabharfaidh an brathadóir aláram.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |