Beircéiliam
Is é an beircéiliam dúil uimhir a 97. Bk an tsiombail a sheasann don dúil seo sna foirmlí ceimiceacha. Dúil shaorga radaighníomhach atá ann nach bhfuil ar fáil sa dúlra, agus is ceann de na hachtainídí é. Táirgeadh an chéad núicléas beircéiliam i saotharlann radaíochta Ollscoil California i mBerkeley sa bhliain 1949, agus fuair an dúil a hainm ón áit sin. Is é beircéiliam a 247, nó 247Bk, an t-iseatóp is fadsaolaí dá bhfuil aige, agus é 1380 bliain ar leathré.
Beircéiliam | |
Siombail Cheimiceach | Bk |
Uimhir Adamhach | 97 |
Meáchan Adamhach | (247) g·mol−1 |
Grúpa, Peiriad | N/A, 7, f |
Dlús | (alpha) 14.78 g·cm−3 (beta) 13.25 g·cm−3 |
Sraith Cheimiceach | Achtanóidigh |
![]() |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |