Neiptiúiniam
Is é an neiptiúiniam dúil cheimiceach uimhir a 93 agus an ceann is éadroime de na dúile trasúránacha, is é sin, de na dúile atá níos troime ná an t-úráiniam. Is í an tsiombail atá air ná Np. Mar is dual do na dúile seo, is dúil éagobhsaí radaighníomhach é nach féidir teacht air go nádúrtha sa dúlra, agus is sna himoibreoirí núicléacha a tháirgtear é. Is é an t-iseatóp is cobhsaí ná 237Np, nó tá sé breis is dhá mhilliún bliain ar leathré. Ba iad Edwin McMillan agus Philip H. Abelson a tháirg an chéad eiseamal neiptiúiniam i mBerkeley, California sa bhliain 1940.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach |
---|---|
Neiptiúiniam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Np |
Uimhir adamhach | 93 |
Peiriad, Grúpa | peiread 7 achtainíd |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 1.36 |
Ga ianach | 1.01, 0.87, 0.75 agus 0.72 |
Stair | |
Aimsitheoir | Edwin Mattison McMillan agus Philip Abelson |
Fionnachtain | 1940 |
Eapainm | Neiptiún |
Miotal é an neiptiúiniam agus é cosúil leis an airgead geal. Tá ceithre uimhir ocsaídiúcháin aige ina chuid comhdhúl, mar atá, +3, +4, +5, agus +6. Cosúil lena lán dúl eile i ngrúpa na n-achtanóideach, is dual dó dul i ngrúpa adamhach le dhá adamh ocsaigine - an grúpa neiptiúinile - agus iain éagsúla coimpléascacha a chruthú timpeall an ghrúpa seo. Bíonn na coimpléisc seo ag gluaiseacht go réidh san ithir, rud a chuireann an-imní ar na héiceolaithe. Le fírinne, creidtear go mbeidh an neiptiúiniam ar an bhfoinse is mó radaíochta sa dúlra sna blianta amach anseo, agus é ar ceann de na priacail is mó éiceolaíochta a bhaineann leis na stáisiúin adamhacha leictreachais.