Mícheál Ó hÓgáin (ropaire)

saighdiúir Éireannach

Saighdiúir agus ropaire (nó treallchogaí) ba ea Mícheál “an Chapaill” Ó hÓgáin (Galloping Hogan) sa dara chuid den 17ú haois. Rugadh é i bparóiste Dhún Bleisce i mbarúntacht Phobal Bhriain i gContae Luimnigh. Seans go raibh sé ina shuí go te ann sular éirigh sé amach.

Infotaula de personaMícheál Ó hÓgáin
Beathaisnéis
Breith17 haois
Bás18 haois
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaSeacaibíteachas

Bhí sé ina threoraí ag Pádraig Sáirséal agus ag 500 saighdiúir Seacabaíteach nuair a shéid siad gléasra léigir Liam Oráiste san aer i mBaile an Fhaoitigh in 1690.[1] Dúirt duine a bhí ann gurbh é an tÓgánach féin a las an t-aidhnín. [2]

Lean an cogadh go dtí go ndearnadh Conradh Luimnigh i Mí Dheireadh Fómhair 1691, ach lean an tÓgánach air ag troid ar feadh sé mhí. D’fhág sé Éire i ndeireadh an Earraigh in 1692 nuair a d’imigh an chuid deiridh de na Géanna Fiáine.

Chuir sé síos sa Fhrainc, áit a ndearnadh ginearál de. Ba den uasaicme an chuid ba mhó d’oifigigh na Fraince ag an am,[3][4] agus bheadh air a chruthú gur bhain sé le huaisle na hÉireann.

B’éigean dó an Fhrainc a fhágáil in 1706 agus oifigeach eile maraithe aige i gcomhrac aonair, agus bhain sé an Phortaingéil amach, áit ar lean sé air ina shaighdiúir. I ndeireadh a réime bhí céim ard aige.[5] I Mí Bhealtaine 1712 bhí sé páirteach sa bhua mór a fuair Arm na Portaingéile ar na Spáinnigh i gcath Campo Maior. Fuair sé bás sa Phortaingéil agus tá a shliocht ann fós.

  1. D'Alton, Edward Alfred (1923). "History of Ireland: from the earliest times to the present day, Volume 4". The Gresham Publishing Company. OCLC 59363032. 
  2. Haddick-Flynn, Kevin (2003). "Sarsfield and the Jacobites". Mercier Press. 
  3. Corvisier, André (1979). Armies and Societies in Europe, 1494-1789, lgh 101-102. Bloomington: Indiana University Press.
  4. Wrong, Charles (1976). "The Officiers de Fortune in the French Infantry", French Historical Studies, 9 (3): 400-431.
  5. Haddick-Flynn, Kevin (Winter 2000). "Ballyneety". History Ireland 8 (4): 25–29. JSTOR 27724825.