Ba chathair ársa í Míora sa Licia (Gréigis: Μύρα), áit ina bhfuil baile beag Kale (Demre) sa lá atá inniu ann, i gCúige Antalya sa Tuirc. Bhí sí suite ar bhruach abhann an Mhíorois (Demre Çay), ar an mhá ghlárach mhéith idir Alaca Dağ, sliabhraon Massikytos agus an Mhuir Aeigéach.

Amharclann Rómanach Mhíora, agus ar an aill sa chúlra, cathair na marbh 'Licia'(Gréigis:Λυκία).