Mórán Gaelach
speiceas de phlanda
Is planda luibheach é an Mórán Gaelach,[1] nó Saxifraga rosacea, as fine an Saxifragaceae.
Saxifraga rosacea | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Saxifragales |
Fine | Saxifragaceae |
Géineas | Saxifraga |
Speiceas | Saxifraga rosacea Moench |
Scaipeann sé amach trí úsáid a bhaint as a stoláin, a dhéanann cúisín dlúth de phéacáin dhuilleacha ghearra. D’fhéadfadh na gais bláthacha a bheith suas le 25cm ar airde, agus 4-5 de bhláthanna bána orthu agus peitil a bhíonn 6-10mm ar fad.
Tá sé le fáil in iarthar na hÉireann agus na Breataine agus san Íoslainn. Tá sé díofa i Sasana ón mbliain 1960. De ghnáth faightear é in aice le srutháin sléibhe, ach fásann sé freisin ar aillte agus ar fhánaí screatháin.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Saxifraga rosacea” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-05.