Músaem Chultúir na bhFilistíneach
Is músaem seandálaíochta in Aisdeod, Iosrael, é Ard-Mhúsaem Chultúir na bhFilistíneach (Eabhrais: המוזיאון לתרבות הפלשתים ע"ש קורין ממן - The Corinne Mamane Museum of Philistine Culture). Déantar iniúchadh ann ar chultúr na bhFilistíneach, a bhí ina gcónaí i gceantar na cathrach. Is é an t-aon mhúsaem ar fud an domhain atá dírithe ar an gcultúr úd. Ba é an chéad mhúsaem a osclaíodh in Aisdeod, i 1990.
Músaem Chultúir na bhFilistíneach | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Músaem | |||
Foirgníocht | 1990 | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 1990 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Aisdeod | |||
Suíomh | Iosrael | |||
| ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | phcm.co.il | |||
Tá trí urlár sa mhúsaem. Sa chéad urlár tá taispeántas faoin gcultúr Filistíneach. Úsáidtear an dara hurlár chun taispeántais a ullmhú. Tá an tríú hurlár tiomanta do "Chistin Fhilistíneach" ina iniúchtar an bhia i gcultúr na Mara Aeigéiche.
Gailearaí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Museum of Philistine culture.