Músclóir (bitheolaíocht)

Is fachtóir tras-scríofa próitéine músclóir tras-scríofa. Méadaíonn sé tras-scríobh géine nó tacar géinte. Próitéiní nasctha ADN is ea an chuid is mó de na músclóirí agus iad ag nascadh le feabhsaitheoirí nó le heilimintí spreagthóra.

Déanann an chuid is mó de na músclóirí nascadh le láthair ADN atá istigh i spreagthóir nó gar dó agus imoibriú próitéin-próitéin a dhéanamh leis an innealra ginearálta tras-scríofa (polaiméaráis ARN agus fachtóirí ginearálta tras-scríofa), rud a chabhraíonn le nascadh an innealra úd leis an spreagthóir. Tugtar an “láthair mhúsclóra” ar an láthair ADN a nascann an musclóir leis. An chuid den mhúsclóir a dhéanann imoibriú próitéin-próitéin leis an innealra ginearálta tras-scríofa tugtar “réigiún músclóra” air. An chuid den innealra ginearálta tras-scríofa a dhéanann innealra ginearálta tras-scríofa leis an músclóir tugtar “sprioc músclóra”.