Maidhc Cheannabháin

fíodóir traidisiúnta agus amhránaí as Conamara

Bhí Maidhc Cheannabháin ar na fíodóirí traidisiúnta deireanacha a bhí ag cleachtadh a cheirde i gConamara Theas. Rugadh agus tógadh ar an Áth Buí, Aille, Indreabhán é, mac le Pádraig Ó Ceannabháin as Ros Muc agus Máire Ní Chonghaile as an Tuairín.[1] Bhí a athair Pádraig ina fhíodóir, agus mhúin sé an cheird do Mháire, ansin d'fhoghlaim Maidhc an cheird ón bheirt acu.[1] Rinne Maidhc cornaí flainín sna 1950idí go dtí gur dúnadh monarcha snáithe Lydon i nGaillimh.

Infotaula de personaMaidhc Cheannabháin
Beathaisnéis
BreithAn tÁth Buí Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmfíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

B'amhránaí sean-nóis den chéad scoth é freisin, cé nár ghlac sé páirt i gcomórtas amhránaíochta riamh. Bhí sé pósta le Peigín Ní Chéide agus bhí mac agus iníon acu.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.