Maighréad Ní Churtáin (Margaret Mac Curtain)

Siúr Dhoiminiceach, staraí, scríbhneoir, oide agus feiminí Éireannach ab ea Maighréad Ní Churtáin (Béarla: Margaret Mac Curtain; 17 Bealtaine 19295 Deireadh Fómhair 2020).[1]

Infotaula de personaMaighréad Ní Churtáin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1929
Bás2020
90/91 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreStair na mban
Gairmscríbhneoir, gníomhaí ar son chearta na mban, gníomhaí ar son chearta an duine, staraí, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste Bhostúin Cuir in eagar ar Wikidata
Ord crábhaidhDoiminicigh
Gradam a fuarthas

Rugadh Maighréad Ní Churtáin sa bhliain 1929 i gCorcaigh. B'iad Seán agus Ann Mac Curtáin a tuismitheoirí. Bhain sí céim BA amach in Ollscoil na hÉíreann i gCorcaí agus chuaigh sí isteach san Ord Doiminiceanach, agus tá an t-ainm Sr. Benvenuta uirthi go fóill.[2] Tá gníomhréim acadúil dhearscnaitheach ag Maighréad agus d'fhoilsigh sí réimse fairsing ábhar i réimse na staire, tionchar na mban i gcomhthéacs na staire agus ról na mban in Éirinn. Is scoláire, staraí, Doiminiceanach, craoltóir, eagarthóir, iar-léachtóir, Príomhoide Coláiste, Gobharnóir Ollscoile, comhairleoir, agus teangeolaí í. Bhain sí Ph.D amach sa bhliain 1964 agus sa bhliain chéanna thosaigh sí ag obair sa Roinn Staire i gColaiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Idir na blianta 1968-1973 b'é a héacht nó mórghníomh ná foilsiú na sraitheanna leabhar staire faoi chlúdach bog 'History of Ireland' le Gill & McMillan. "Her free spirit and radical mind set is well known. Pé áit a mbíonn sí tá sí spraíúil, lán be bhrí agus ni féidir gan ligint di thú spreagadh chun cinn. Ceann de na focail a cloistear uaithi nuair a chuireann tú ceist ag lorg comhairle..’Go for it’. What a positive approach…mol an óige.. ach ní do’n ghlún óg amháin a thugann sí am agus comhairle." [3]

Leabharliosta cuir in eagar

  • The Birth of Modern Ireland (1969)
  • Tudor and Stuart Ireland (1972)
  • Women and Irish Society: The Historical Dimension (1978)
  • The Gill History of Ireland series (1980)
  • Women in Early Modern Ireland (1992)
  • From Dublin to New Orleans: Nora and Alice's Journey to America 1888 (1995)
  • Grace Gifford Plunkett and Irish Freedom (2000)
  • Ariadne's Threads: Writing Women into Irish History (2009)


Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar