Bhunaigh John de Cogan Mainistir Bhaile Chláir ar bhruach Abhainn an Chláir thart ar an mbliain 1250 d'Ord Coinbhintiúil na bProinsiach. Bhí de Cogan ar dhuine de na cinn feadhna ar choncas na nAngla-Normannach ar Chonnachta. Sa séipéal tá corp agus saingeal na heaglaise. Cuireadh túr ard leis sa 15ú haois. Tá croslann thuaidh sa séipéal, chomh maith le hiarsmaí altóra atá daingnithe don taobh ó thuaidh de chorp na heaglaise. Sa saingeal tá suíochán triarach cloiche agus almóir greanta tuama. Ón 15ú haois an fhuinneog álainn a thugann radharc amach soir ón saingeal, ach tá iarsmaí na bhfuinneog ón 13ú fós le feiceáil. Faoi áirsí an túir tá snoíodóireacht de chloigne ainmhithe, agus thuas ard ar an túr tá geargáilí, a lig an bháisteach anuas ón díon, ag sacadh amach. Ó dheas den séipéal tá an chearnóg ar a raibh an clabhstra tráth, chomh maith le fothraigh chuid de na foirgneamh a raibh baint acu leis. Ag teannadh le deireadh an 16ú haois, ba le muintir de Burgo an áit.[1][2]

Mainistir Bhaile Chláir
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálMainistir Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht13 haois Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Chláir, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 20′ 48″ N, 8° 56′ 40″ O / 53.34667°N,8.94458°W / 53.34667; -8.94458
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir165
  1. Canice Mooney (1954). "The Franciscan Third Order Friary at Dungannon". Seanchas Ardmhacha: Journal of the Armagh Diocesan Historical Society 1 (1): 12. doi:10.2307/29740564. ISSN 0488-0196. 
  2. "Claregalway Franciscan Friary | Monastic Ireland" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-10-07.

[[Catagóir:Séadchomharthaí Náisiúnta na hÉireann]