Mainistir Inis Mac nÉirín
Suíomh seanmhainistreach agus Seádchomhartha Náisiúnta is ea Mainistir Inis Mac nÉirín[1] agus í suite in iarthar Loch Cé.[2]
Mainistir Inis Mac nÉirín | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Mainistir | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Inis Mac nÉirín, Éire | |||
| ||||
Stair
cuir in eagarDeirtear gur bhunaigh Colm Cille mainistir ann sa séú haois.
Athbhunaíodh í mar phrióireacht Agaistíneach idir 1140 agus 1170.[3] D’fhéadfaí gur scríobh cuid de Annála Loch Cé anseo, chomh maith leis an gcuid a scríobhadh i Prióireacht Oileán na Tríonóide sa loch céanna.[4][5]
Scaoileadh an mhainistir timpeall 1569 agus bronnadh an talamh ar William Taaffe in 1596.
Rinneadh tochailt ar an oileán in 2000 agus tháinig siad ar chuid d’eaglais chloiche.[6]
Nótaí
cuir in eagar- ↑ "Inis Mac nÉirín/Church Island" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-11-10.
- ↑ "National Monuments in State Care : Ownership & Guardianship : Roscommon" (PDF).
- ↑ macdermot.com moylurg walks. "Trinity Island". macdermot.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-10-28. Dáta rochtana: 2021-11-10.
- ↑ "The Annals of Loch Cé: A Chronicle of Irish Affairs from AD 1014 to AD 1590".
- ↑ Loch Cé. "heritagecouncil.ie". Dáta rochtana: 2021.[nasc briste go buan]
- ↑ excavations.ie. "Excavations Lough Key" (en-US). Dáta rochtana: 2021-11-10.