Mainistir Ros Comáin (Agaistíneach)

Bunaíodh mainistir Ros Comáin (Agaistíneach) mar mhainistir dhúchasach sa chéad chuid den 8ú haois. Chuir Naomh Comán ar bun ar ros sa riasc í; ní fios arbh easpag é, ach b’easpaig iad cuid de na habaí a lean é.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Ros Comáin
Íomhá
Sonraí
CineálPrióireacht agus suíomh seandálaíochta
Foirgníocht1253 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Stíl ailtireachtaailtireacht Ghotach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Ros Comáin, Éire
Map
 53°37′29″N 8°11′30″W / 53.624766°N 8.191802°W / 53.624766; -8.191802
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir362

Tháinig ainm an léinn ar an mainistir, agus bhí clú ar a cuid scoláirí. Bhí dlúthnasc aici le Cluain Mhic Nóis, áit léinn eile, ó lár an 10ú haois amach, nó roimhe sin, b’fhéidir; agus bhain sí leas as pátrúnacht ríthe Chonnacht, dream a ghlac teideal an Ard-Rí chucu féin. Bhí mac leis an Rí Toiríollach mac Ruairí Uí Chonchúir (1088-1156), Maolíosa (-1223), ina ab ar an mainistir, agus thug sé giota den Fhíor-Chros ar ais ón Róimh leis sa bhliain 1123, iarsma a cuireadh sa Bhachall Buí (Cros Chonga). (Toiríollach féin a chuir an chros sin á déanamh.)

Nuair a tháinig na hAgaistínigh chun na hÉireann ghlac an mhainistir riail an oird, cé gurbh áit Ghaelach fós í, fiú tar éis gur thóg na Normannaigh caisleán ar thailte na manach agus é de nós acu na Gaeil a chur as na mainistreacha.

Le linn Shiosma Mhór an Iarthair (1378-1417) cheap an frith-Phápa Clement VII Tomás Mac Aogáin mar ab. Tháinig sé anall ó Avignon agus thionóil eaglaisigh agus neamheaglaisigh Connacht i Ros Comáin, áit a bhfuair sé dílse gach duine ach amháin Easpag Ail Finn (nár tháinig) agus Easpag Chill Ala, a chuir a ard-déagánach chun ceart an Phápa Urban VI a sheasamh.

Nuair a tháinig muintir Uí Chonchúir chun réitigh leis an mBainríon Eilís, bronnadh an mhainistir ar chonstáblacht chaisleán Ros Comáin agus ina dhiaidh sin ar an Ridire Nioclás Malbie.

Ar éigean atá fothraigh féin na mainistreach le feiceáil anois.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar