Mainistir Ros Comáin (Doiminiceach)

Bhunaigh na Doiminicinigh mainistir Ros Comáin sa bhliain 1253 faoi choimirce Fheidhlimí Uí Chonchúir, rí Chonnacht, agus tiomnaíodh do Mhuire í sa bhliain 1257. Chuaigh an rí chun cónaithe ann i ndeireadh a shaoil agus cuireadh ann é; tá a íomhá le feiceáil fós ar a thuama, agus cuireadh a lán taoiseach eile ann ina dhiaidh sin.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Ros Comáin

Coigistíodh an mhainistir sa 16ú haois. Ar dtús bronnadh í ar chonstáblacht Ros Comáin agus ina dhiaidh sin ar an Ridire Nioclás Malbie, ach d’fhan na manaigh sa cheantair. Le linn Chromail maraíodh cuid díobh, agus tá roinnt dá n-ainmneacha siúd againn – Dónall Ó Neachtain, Éamonn Ó Beirne, Réamonn Mac Eochaidh, Bearnard Ó Ceallaigh agus eile.

Níor scaip na manaigh: fuair siad teach beag agus giota talaimh, agus bhí sé dhuine dhéag ann faoin mbliain 1791; ach tháinig deireadh leis an gcomhthionól sa bhliain 1844. Níl i mainistir Ros Comáin féin ach fothraigh na heaglaise anois.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar