Mairearaid nighean Lachlainn
File i nGaeilge na hAlban ba ea Mairearaid (Maighread) nighean Lachlainn (c. 1660–?). Fuair sí bás am éigin san 18ú haois.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 1660 Muile |
Bás | 1700í 39/49 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file |
Seánra | Filíocht |
Teangacha | Gaeilge na hAlban |
Bhí sí ina cónaí ar Oileán Mhuile, ar thailte chlann Ghill-Eain, agus chum sí amhráin faoin anachain a tháinig ar a muintir de thoradh threascairt thaoisigh chlann Ghill-Eain agus teacht na gCaimbeulach ina n-áit.[1]
Is dócha gurbh fhear de Dhòmhnallach a hathair ach gur bhain a máthair le clann Ghill-Eain. Deir an béaloideas go raibh sí pósta le fear de chlann Ghill-Eain agus go raibh clann mhór acu. Bhí sí ina banaltra ag sé dhuine dhéag de dhaoine uaisle Oileán Mhuile, ach fuair siad bás roimpi, mar a rinne a clann féin. Deirtear gur minic a théadh sí chun uaigh an duine dheireanaigh díobh siúd a bhí oilte aici. Faoin am sin bhí sí an-sean agus í crom dá réir.[1]
Déanann sí tagairt do Bhliain an Phrionsa (éirí amach na Seacaibíteach in 1745) ina cuid filíochta.
Cuid dá filíocht
cuir in eagar- Cha choma leam fhìn co dhiù sin (c. 1698)
- Dh' fhalbh mo chadal a' smaointinn
- Gaoir nam ban Muileach (1716)
- Gun d' fhuair mi sgeul 's chan àicheam e
- Mo cheist an Leathanach mòdhar
Nótaí
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- Black, R. (eag.) (2001). An Lasair: An Anthology of Eighteenth-Century Gaelic Verse. Edinburgh: Birlinn: lgh 60-71