Maitrís eachtarcheallach

 

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtMaitrís eachtarcheallach
Aitheantóirí
MeSHD005109
THH2.00.03.0.02001
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/extracellular-matrix
Téarmaíocht anatamaíoch


Sa bhitheolaíocht, is líonra tríthoiseach í an mhaitrís eachtarcheallach (MEC) atá comhdhéanta de mhacramóilíní agus mianraí eachtarcheallacha, mar shampla collaigin, einsímí, gliceapróitéiní agus hiodrocsapaitít a sholáthraíonn tacaíocht struchtúrach agus bithcheimiceach do na cealla máguaird.[1][2] Toisc gur tháinig ilcheallacht chun cinn go neamhspleách i ginealaigh éagsúla ilcheallacha, athraíonn comhdhéanamh MEC idir struchtúir ilcheallacha; áfach, is feidhmeanna coitianta den MEC iad cillghreamaitheacht, cumarsáid agus difreáil ó chill go cill.[3]

Sna hainmhithe, airítear leis an mhaitrís eachtarcheallach an an mhaitrís scáineach agus an scannán bunaidh.[4]maitrís scáineach i láthair idir cealla ainmhithe éagsúla (.i. sna spásanna idircheallacha). Líonann glóthacha polaisiúicríde agus próitéiní snáithíneacha an spás scáineach agus gníomhaíonn siad mar mhaolaire comhbhrú i gcoinne an struis a chuirtear ar an MEC.[5] Is éard atá i scannáin bunaidh ná deascaidh de MEC ar a bhfuil cealla eipitéiliacha éagsúla. In ainmhithe, tá cineál MEC ag gach cineál fíocháin tacaíochta: cuimsíonn snáithíní collaigine agus mianraí cnámh an MEC d' fhíochán cnámh; cuimsíonn snáithíní mogallacha agus bonnsubstaintían MEC d' fhíochán scaoilte ; agus is é fuilphlasma an MEC fna fola.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Extracellular matrix structure" (February 2016). Advanced Drug Delivery Reviews 97: 4–27. doi:10.1016/j.addr.2015.11.001. PMID 26562801. 
  2. "Remodelling the extracellular matrix in development and disease" (December 2014). Nature Reviews. Molecular Cell Biology 15 (12): 786–801. doi:10.1038/nrm3904. PMID 25415508. 
  3. "Diverse evolutionary paths to cell adhesion" (December 2010). Trends in Cell Biology 20 (12): 734–42. doi:10.1016/j.tcb.2010.08.002. PMID 20817460. 
  4. Kumar (2005). "Robbins and Cotran: Pathologic Basis of Disease" (7th ed.). Philadelphia: Elsevier. ISBN 978-0-7216-0187-8. 
  5. "Essential cell biology" (2004). New York and London: Garland Science. ISBN 978-0-8153-3481-1.