Manuel Antonio Sanclemente
Rugadh Antonio Manuel Sanclemente i mBuga, atá anois i Roinn Valle del Cauca, ar an 19 Meán Fómhair sa bhliain 1813 agus fuair sé bás i Villeta, Cundinamarca ar an 19 Márta 1902. Ba státaire, múinteoir, agus polaiteoir Colómach é, agus bhí sé ina Uachtarán ar an Phoblacht idir 1898 agus 1900. Le linn a riail bhris cogadh amach, sé sin, Cogadh na Míle Lá, (Spáinnis: La Guerra de los Mil Días). Ina theannta sin, tá cuimhne air mar an tUachtarán is aosta a ceapadh i stair na tíre: bhí sé 84 bliain d'aois.
Manuel Antonio Sanclemente | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
Lúnasa 7, 1898 - Iúil 31, 1900 ← Miguel Antonio Caro Sánchez - Manuel Marroquín → | |||
Saol | |||
Ainm iomlán | Manuel Antonio Sanclemente Sanclemente | ||
Eolas breithe | Buga, 19 Meán Fómhair 1813 | ||
Náisiúntacht | An Cholóim | ||
Bás | Villeta, 19 Márta 1902 | ||
Áit adhlactha | Central Cemetery of Bogotá (en) ![]() | ||
Oideachas | |||
Alma mater | Ollscoil Cauca | ||
Teangacha | An Spáinnis | ||
Gairm | |||
Gairm | dlíodóir, polaiteoir agus saighdiúir | ||
Seirbhís mhíleata | |||
Throid sé/sí ag | Cogadh Cathartha na Colóime 1859–1862 | ||
Cleamhnú | |||
Páirtithe polaitíochta | National Party (Colombia) (en) ![]() |
SaolCuir in Eagar
Críochnaíodh a chuid ardstaidéir in Ollscoil Cauca (Universidad del Cauca) i bPopayan, agus bronnadh dochtúireacht sa dlí-eolaíocht (dlíodóir) air sa bhliain 1837. Ansin bhí sé i seilbh oifigí breithiúnacha éagsúla, agus toghadh é chun na Cúirte Uachtaraí sa bhliain 1854. Mar an gcéanna, d'oibrigh sé sa dlí agus san oideachas, agus ceapadh é ina cheannasaí ar an gColegio de Buga.