Maoil an Choirnigh (nó Maoil a' Chóirne) suite i nGaeltacht na nDéise i gChontae Phort Láirge i ndeisceart na hÉireann.

An ceantar cuir in eagar

Is deacair anois idirdhealú a dhéanamh idir Maoil a’ Chóirne, Heilbhic agus Baile na nGall i nGaeltacht Phort Láirge (Gaeltacht na nDéise nó Gaeltacht na Rinne) de bharr an fháis atá ag teacht orthu le blianta beag anuas. Tá siad uile le fáil idir cúig mhíle slí agus seacht míle slí ó Dhún Garbháin.

An sráidbhaile cuir in eagar

Tá Maoil a’ Chóirne suite timpeall cúig mhíle slí ó dheas ó Dhún Garbháin. Áit shlachtmhar í, agus a lán seirbhísí agus áiseanna pobal ann.

Tionsclaíocht cuir in eagar

Tá roinnt tionscail bheaga ann, agus iadsan is mó a chuireann obair ar fáil. Tá a bhformhór le fáil san eastát tionsclaíochta beag atá lonnaithe ar an taobh ó dheas de Mhaoil a'Chóirne.

Coláiste na Rinne cuir in eagar

I Maoil a' Chóirne atá Coláiste na Rinne le fáil. Sa bhliain 1908 thug tiarna talún giota talún do Choláiste na Rinne le haghaidh láthair scoile, agus cuireadh caoi ar bhathlach tí chuige.

Naisc sheachtracha cuir in eagar