Coláiste na Rinne suite i Rinn Ó gCuanach i nGaeltacht na nDéise i gContae Phort Láirge.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste na Rinne
Sonraí
Cineálinstitiúid oideachais Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán1,800,000 € (2018) Cuir in eagar ar Wikidata

Cúrsaí Samhraidh cuir in eagar

Tá na Cúrsaí Samhraidh ar siúl ón mbliain 1905 go dtí an lá atá inniu ann. Bíonn breis is 1000 scoláire ann gach bliain. Bíonn cónaí ar na scoláirí seo sa Choláiste agus i dtithe i Rinn Ó gCuanach.

Scoil na Leanaí cuir in eagar

Bunaíodh Scoil na Leanaí sa bhliain 1919. Bhí 40 Leanbh sa scoil sa bhliain. Theastaigh ón gCoiste labhairt na Gaeilge a mhúineadh do na páistí ar dtús, agus obair na leabhar a dhéanamh leo ina dhiaidh sin. I measc na n-iarscoláirí tá iar-Uachtarán na hÉireann agus iar-Thaoiseach.

Stair cuir in eagar

Sa mbliain 1903 thosnaigh daoine ar theacht ar saoire go Rinn Ó gCuanach, go háirithe ó Bhaile Átha Cliath, agus fonn orthu Gaeilge d'fhoghlaim. Cuireadh ranganna ar siúl dóibh. An toradh a bhí ar seo ná clár dubh a bhualadh suas i mBaile na nGall. Scoil an Chalaidh a tugadh ar sin agus sin mar a thosnaigh scéal Choláiste na Rinne.

Sa bhliain 1905 tógadh bothán adhmaid i mBóthar na Sop a thug fothaint don scoil. Bhí Dr. Ó Síothcháin, an Dr. de hIndeberg (sagart agus ollamh le Ceiltise i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh), Pádraig Ó Cadhla, an Fear Mór (Dr. Seamus Ó hEocha a bhí ina thimire ag Connradh na Gaeilge) agus Diarmuid Stóice i measc na múinteoirí ag an am seo.

Sa mbliain 1907, thug Oifig an Oideachais Náisiúnta aitheantas oifigiúil do na cúrsaí samhraidh a bhí ar siúl. Tháinig fás mór ar líon na scoláirí sa bhliain 1908 nuair a d'fhreastail 130 scoláire ar na cúrsaí i mí Iúil agus mí Lúnasa.

Bhí gá le foirgneamh nua agus ionad comhnaithe dos na scoláirí. Tharla san sa bhliain 1908 nuair a thug Villiers Stuart, Drom Ana, tiarna talún sa cheantar, giota talún ar a eastát i Maoil a' Chóirne don Choláiste le haghaidh láthair scoile.

Mhol daoine áirithe ag cruinniú bainistíochta sa bhliain 1919 go gcuirfí Scoil na Leanbh ar bun. Bheadh an scoil seo ag feidhmiú i gcaitheamh na bliana - do pháistí idir seacht mbliana agus dhá bhliain dhéag d'aois.

Tá borradh agus fás tagtha ar na cúrsaí samhraidh agus ar scoil na leanbh le céad bliain anuas.

Sa bhliain 1906 osclaíodh Meánscoil Lae i gColáiste na Rinne ach níor éirigh go maith léi. Sa bhliain 1959 deineadh iarracht eile meánscoil lae a chur ar bun fé choimirce Choláiste na Rinne. D'éirigh leis an iarracht so fé stiúir Niocláis Mhic Craith. Tá suas le céad scoláire ag freastal uirthi anois.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Stair Choláiste na Rinne - History and Remembrance of Ring College". web.archive.org (2008-08-27). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-08-27. Dáta rochtana: 2023-04-17.