Maoil an Choirnigh
Tá Maoil an Choirnigh (nó Maoil a' Chóirne) suite i nGaeltacht na nDéise i gChontae Phort Láirge i ndeisceart na hÉireann.
An ceantar
cuir in eagarIs deacair anois idirdhealú a dhéanamh idir Maoil a’ Chóirne, Heilbhic agus Baile na nGall i nGaeltacht Phort Láirge (Gaeltacht na nDéise nó Gaeltacht na Rinne) de bharr an fháis atá ag teacht orthu le blianta beag anuas. Tá siad uile le fáil idir cúig mhíle slí agus seacht míle slí ó Dhún Garbháin.
An sráidbhaile
cuir in eagarTá Maoil a’ Chóirne suite timpeall cúig mhíle slí ó dheas ó Dhún Garbháin. Áit shlachtmhar í, agus a lán seirbhísí agus áiseanna pobal ann.
Tionsclaíocht
cuir in eagarTá roinnt tionscail bheaga ann, agus iadsan is mó a chuireann obair ar fáil. Tá a bhformhór le fáil san eastát tionsclaíochta beag atá lonnaithe ar an taobh ó dheas de Mhaoil a'Chóirne.
Coláiste na Rinne
cuir in eagarI Maoil a' Chóirne atá Coláiste na Rinne le fáil. Sa bhliain 1908 thug tiarna talún giota talún do Choláiste na Rinne le haghaidh láthair scoile, agus cuireadh caoi ar bhathlach tí chuige.