Maoin Phort Láirge

Músaem
(Athsheolta ó Maoin Phort Lairge)

Grúpa iarsmalann i, agus a bhaineann le, Phort Láirge in Éirinn is ea Maoin Phort Láirge. Tá sé comhdhéanta de cheithre aonán atá brandáilte mar iarsmalanna (An Iarsmalann Mheánaoiseach, Iarsmalann Airgid na hÉireann, Iarsmalann Ama na hÉireann, Iarsmalann na dTórramh Éireannach) agus foirgneamh stairiúil, iar-Phálás an Easpaig, agus iad go léir suite in aice láimhe, agus foirgneamh stairiúil eile, Túr Raghnaill, ina bhfuil Iarsmalann Lochlannach Phort Láirge.[1] Tá siad seo go léir suite i dTriantán Lochlannach Phort Láirge. Cuimsíonn na bailiúcháin Rolla Cairte Phort Láirge ón 14ú hAois. Tá caife bainteach le Maoin Phort Láirge, agus Turas Siúlóide Eipiciúil agus Eachtra Réaltachta Fíorúla na Lochlannach.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Maoin Phort Láirge
Íomhá
Sonraí
CineálLíonra músaem Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht1982 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinPort Láirge, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhÉire
Map
 52° 15′ 36″ N, 7° 06′ 25″ O / 52.26°N,7.107°W / 52.26; -7.107
Suíomh gréasáin oifigiúilwaterfordtreasures.com

Iarsmalanna agus foirgnimh chomhpháirteacha

cuir in eagar

An Iarsmalann Mheánaoiseach

cuir in eagar

Cuimsíonn an Iarsmalanna Mheánaoiseach dhá sheomra mheánaoiseach, Halla na gCórchantairí ón 13ú haois agus Taisce Fhíona an Mhéara ón 15ú haois. Tá ann freisin an t-aon phíosa éadaí a mhaireann agus a chaith Anraí VIII, caipín gradaim. Bronnadh é seo ar Mhéara Phort Láirge, mar aon le claíomh imthaca, sa bhliain 1536.

Iarsmalann Ama na hÉireann

cuir in eagar

Osclaíodh Iarsmalann Ama na hÉireann, Iarsmalannna gclog, an 14 Meitheamh 2021.[2]

Iarsmalann na dTórramh Éireannach

cuir in eagar

Osclaíodh Iarsmalann na dTórramh Éireannach, iarsmalann a dhíríonn ar an mbás agus ar an dtórramh, ar an 15 Meitheamh 2023.[3]

Pálás an Easpaig

cuir in eagar

Struchtúr Seoirseach 250 bliain d'aois is ea Pálás an Easpaig agus tá déantúsáin ann ón 17ú haois i bPort Láirge go dtí an lá atá inniu ann.

  1. "Waterford Treasures set to celebrate 25 years with a ‘Viking Party’" (en).
  2. "Museum of Time opens in - Ima" (en).
  3. "Irish Wake Museum opens in Waterford" (en).