Maratón Átha Cliath
Maratón bliantúil a ritear i mBaile Átha Cliath is ea Maratón Átha Cliath. De ghnáth, tionóltar é ar an Luan deireanach de mhí Dheireadh Fómhair (is lá saoire é in Éirinn) cé gur tionóladh an maratón an lá roimhe sin sa bhliain 2015.
Cineál | maratón imeacht spóirt féiltiúil |
---|---|
Bailíocht | 1980 - |
Suíomh | Baile Átha Cliath, Éire |
Tír | Éire |
Spórt | lúthchleasaíocht |
Leanann an maratón bealach atá réasúnta mín. Tosnaíonn na reathaithe ag Cearnóg Mhic Liam, i lár na cathrach, agus críochnaíonn siad i gCearnóg Mhuirfean. Ní athraítear cúrsa an mharatóin ach beagáinín ó bhliain go bliain. Le tamall de bhlianta anois, téann an rás i dtreo tuathalach timpeall na cathrach, píosa de trí Pháirc an Fhionnuisce.
Stair
cuir in eagarNoel Carroll, fear gnó, a chuir an chéad mharatón ar bun sa bhliain 1980.
Sa bhliain 2007 ghlac timpeall is 11,000 duine páirt ann, a leath díobh ó thíortha eile.
Sa bhliain 2015, ba é Alemu Gemuchu, ón Aetóip, a bhuaigh rás na bhfear. 2:14:02 an t-am a bhí aige. Ba í Nataliya Lehonkova, ón Úcráin, a bhuaigh i measc na mban agus 2:31:09 aicise.
Cuireadh maratón na bliana 2020 ar cheal de bharr na ráige COVID-19.[1]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2020-05-19). "Maratón Bhaile Átha Cliath curtha ar ceal" (as ga).
- ↑ "KBC Dublin Marathon" (en). KBC Dublin Marathon 2021. Dáta rochtana: 2021-04-19.