Margadh saorthrádála Aontas Eorpach - Mercosur
Sa bhliain 2019, tháinig an tAontas Eorpach agus lucht idirbheartaíochta ó ghrúpa tíortha i Meiriceá Theas - grúpa Mercosur mar a thugtar air ar chomhaontú saorthrádála, an 'Margadh saorthrádála Aontas Eorpach - Mercosur'.[1]
Cineál | margadh saorthrádála European Union Association Agreement (en) proposed entity (en) | ||
---|---|---|---|
Príomhábhar | taraif saorthrádáil | ||
Rannpháirtí | |||
Bhí os cionn fiche bliain caite in idirbheartaíocht don chonradh seo. Ach sa bhliain 2024, ní raibh an comhaontú saorthrádála fós i bhfeidhm.[2]
An margadh
cuir in eagarCuirfidh an margadh leis an trádail ó Mheiriceá Theas leis an Eoraip.
Bheadh tairbhe le baint ag cuid d'easpórtálaithe an Aontais Eorpaigh as an gcomhaontú - lucht déantúsaíochta carranna agus innealra eile, an earnáil ceimiceán agus an earnáil cógaisíochta ina measc.[3]
Ach ag an am céanna, cheadódh margadh trádála Mercusor do thíortha i Meiriceá Theas mairteoil - (ach an-teoranta ar fad... an t-uasmhéid atá ceadaithe, sin 99,000 tonna mairteola gach bliain vs 7,200,000 tonna mairteola san Aontas Eorpach gach bliain)[1] agus earraí eile - mianraí go háirithe - a dhíol isteach san san Aontas Eorpach ar phraghas níos saoire. Deir an tAontas Eorpach go bhfuil na mianraí seo tábhachtach don Athrú Glas.
srianta ar iompórtáil lena n-áirítear . Tá Éire, a d’onnmhairigh 450,000 tonna mairteola in 2021, de réir na Príomh-Oifige Staidrimh, i measc na mballstát is mó atá i gcoinne na moltaí reatha.
Timpeallacht
cuir in eagarI mí Lúnasa 2019, tharla Falscaithe san fhoraois bháistí na hAmasóine. Rinneadh cáineadh géar ar Rialtas na Brasaíle. Ach baineadh siar go mór as rialtas Bolsonaro sa Bhraislí nuair a moladh go ndéanfaí baghcat ar fheoil ón mBrasaíl.
Dúirt polaiteoirí áirithe ón Aontas nach dtabharfadh a mbeannacht don chomhaontú nua trádála mura gcloífeadh an Bhrasaíl lena gealltanais timpeallachta.[4] Mar shampla, dúirt an Leo Varadkar, Taoiseach ag an am, nach mbeadh Éire ag vótáil ar son margadh saorthrádála Mercosur, mura gcomhlíonfadh an Bhrasaíl a gcuid gealltanas ó thaobh cúrsaí comhshaoil de.[5]
Faomhadh
cuir in eagarThug an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa faomhadh sna 2020idí luath. [6]
In Éirinn
cuir in eagarCuirfidh an margadh as d’ioncam fheirmeoirí in Éirinn, a dúradh.[7] Dúirt eagraíochtaí feirmeoireachta in Éirinn go gcuirfeadh an socrú trádála as go mór d'fheirmeoirí mairteola in Éirinn.[3][1]
Bhí an-imní léirithe faoi 'Mercusor' ag agóid i mBÁC ar an 5 Samhain 2024. Feirmeoirí ó eagraíochtaí talmhaíochta éagsúla in Éirinn a bhí páirteach san agóid.[6] Tá an Fhrainc freisin ag cur in aghaidh an chonartha chomh maith.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 ec.europa.eu (2024). ""Opening opportunities for EU farmers"". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Mission Impossible? Challenges to the implementation of the EU-Mercosur Association Agreement" (en-US). Crossroads Europe (2021-07-07). Dáta rochtana: 2021-08-03.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2019-06-28). "AE agus Mercosur tagtha ar chomhaontú" (as ga).
- ↑ Alex Hijmans (26 Lúnasa 2019). "TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Arm na tíre ag dul i ngleic le tinte agus potaí agus pannaí á mbatráil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-03.
- ↑ Nuacht RTÉ (2019-08-23). "Imní ar an Taoiseach faoi thinte i bhforaoisí na hAmasóine" (as ga).
- ↑ 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2024-11-05). "An-imní léirithe faoi 'Mercusor' ag agóid i mBÁC" (as ga-IE).
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (2019). "Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh Phil Hogan ag filleadh ar an Eoraip" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-04.