Margaret Mac Curtain
Siúr Dhoiminiceach, staraí, scríbhneoir, oide agus feiminí Éireannach ab ea Maighréad Ní Churtáin nó Margaret Mac Curtain (17 Bealtaine 1929 – 5 Deireadh Fómhair 2020).[1][2][3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1929 |
Bás | 2020 90/91 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Stair na mban |
Gairm | scríbhneoir, gníomhaí ar son chearta na mban, gníomhaí ar son chearta an duine, staraí, múinteoir |
Fostóir | Coláiste Bhostúin |
Ord crábhaidh | Doiminicigh |
Gradam a fuarthas
|
Bhí gníomhréim acadúil dhearscnaitheach ag Maighréad agus d'fhoilsigh sí réimse fairsing ábhar i réimse na staire, tionchar na mban i gcomhthéacs na staire agus ról na mban in Éirinn ach go háirithe.
Saol
cuir in eagarRugadh Margaret Mac Curtain sa bhliain 1929 i gCorcaigh. B'iad Seán agus Ann Mac Curtáin a tuismitheoirí. Bhain sí céim BA amach in Ollscoil na hÉíreann i gCorcaí agus chuaigh sí isteach san Ord Doiminiceanach, agus an tSr Benvenuta mar ainm oird uirthi.
Ba sí gníomhach i mbunú Choláiste Sinsir Bhaile Formaid agus ba í an chéad phríomhoide ar an scoil sin agus bhí sí ina prióir ar Chlochar Chnoc Síon i mBaile Átha Cliath.[4]
Bhain sí Ph.D amach sa bhliain 1964 agus sa bhliain chéanna thosaigh sí ag obair sa Roinn Staire i gColaiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Bhí sí ansin go ndeachaigh sí ar scor i 1994. Bhí sí ina hollamh chomh maith i Scoil an Léınn Éireannaigh ó 1972 go 1989.[4]
Idir na blianta 1968-1973 b'é a héacht nó mórghníomh ná foilsiú na sraitheanna leabhar staire faoi chlúdach bog 'History of Ireland' le Gill & McMillan. Rinne sí comheagarthóireacht le James Lydon, ar an tsraith faoi Stair na hÉireann agus scríobh sí Tudor and Stuart Ireland. I gcomhar le Mark Tierney, scríobh sí The Birth of Modern Ireland (1969) a bhíodh ina théacsleabhar ag lucht na hArdteiste.
Bhí Ollúnacht Burns sa Léann Éireannach i gColáiste Boston aici ó 1992 go 1993. Bronnadh bonn óir Chumann Ghaeil Bhostúin uirthi i 1993 as a saothar ar stair mhná na hÉireann.[4]
Staid na mban
cuir in eagarÍ féin agus Donnchadh Ó Corráin a rinne eagarthóireacht ar Women in Irish Society: the Historical Dimension (1978). I measc na saothar eile dá cuid tá – Women in Early Modern Ireland, From Dublin to New Orleans: Nora and Alice’s Journey to America 1888, Grace Gifford Plunkett and Irish Freedom (2000) agus Ariadne’s Threads: Writing Women into Irish History.[4]
Gaeilge
cuir in eagarRinne Mac Curtain obair ar thuarascáil Treoir 2000 faoin mbail a bhí ar an nGaeilge ag deireadh an 20ú haois.[4]
Leabharliosta
cuir in eagar- The Birth of Modern Ireland (1969)
- Tudor and Stuart Ireland (1972)
- Women and Irish Society: The Historical Dimension (1978)
- The Gill History of Ireland series (1980)
- Women in Early Modern Ireland (1992)
- From Dublin to New Orleans: Nora and Alice's Journey to America 1888 (1995)
- Grace Gifford Plunkett and Irish Freedom (2000)
- Ariadne's Threads: Writing Women into Irish History (2009)
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Margaret MacCurtain obituary: Pioneering historian and campaigner" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ RnaG / Regina Uí Chollatáin, léachtóir, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. (2020-10-07). "Tá an tSiúr Margaret Mac Curtain, léachtóir le stair i UCD ach a sheas ar son cearta i gcaitheamh a saoil, tar éis bháis ag aois a 91." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ nui.ie (2007). "NTRODUCTORY ADDRESS DELIVERED BY: MS CLIONA de BHALDRAITHE MARSH, on 20 September 2007, on the occasion of the conferring of the Degree of Doctor of Literature honoris causa". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Tuairisc.ie (2020-10-06). "MARGARET MAC CURTAIN 1929-2020: ‘An bhean rialta a sheas sa bhearna bhaoil nuair a bhí scéal na mban le hinsint’" (ga-IE). PEIG. Dáta rochtana: 2024-11-10.