Ba fheithideolaí, nádúraí agus maisitheoir eolaíochta Gearmánach í Maria Sibylla Merian (2 Aibreán 1647 – 13 Eanáir 1717 ).[1] Bhí sí ar dhuine de na nádúraithe Eorpacha ba luaithe a dhoiciméadaigh breathnuithe faoi fheithidí go díreach. Ba de shliocht chraobh Frankfurt de theaghlach Merian na hEilvéise í Merian.

Infotaula de personaMaria Sibylla Merian

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Aibreán 1647
Frankfurt (An Impireacht Naofa Rómhánach)
Bás13 Eanáir 1717
69 bliana d'aois
Amstardam (Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe)
Gníomhaíocht
Réimse oibreFeithideolaíocht
Suíomh oibre Suranam Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfeithideolaí, maisitheoir, maisitheoir eolaíochta, maisitheoir luibheolaíochta, ealaíontóir grafach, péintéir, luibheolaí, nádúraí, léipidipteolaí, ealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis agus an Ollainnis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileJohann Andreas Graff (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJohanna Helena Herolt, Dorothea Maria Graff Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMatthäus Merian
SiblínMatthäus Merian agus Caspar Merian (en) Aistrigh

Discogs: 2300930 Find a Grave: 7280297 Cuir in eagar ar Wikidata

Fuair Merian a cuid oiliúna ealaíne óna leasathair, Jacob Marrel, mac léinn leis an bpéintéir d'ábhar neamhbheo Georg Flegel . D’fhoilsigh Merian a céad leabhar de léaráidí nádúrtha sa bhliain 1675. Thosaigh sí ag bailiú feithidí agus í ina ógánach. Ag aois 13, thóg sí seiriceáin. Sa bhliain 1679, d'fhoilsigh Merian an chéad imleabhar de shraith dhá imleabhar ar bhoilb; an dara himleabhar ina dhiaidh sin sa bhliain 1683 . Bhí 50 pláta i ngach imleabhar a rinne sí greanta agus eitseáilte. Dhoiciméadaigh Merian fianaise ar phróiseas na meiteamorfóise agus ar phlandaí óstacha de 186 speiceas feithidí Eorpacha. In éineacht leis na léaráidí chuir Merian síos ar a saolréanna.

  1. Rogers, Kara. "Maria Sibylla Merian". Encyclopædia Britannica. Arna gcartlann ón mbunleagan ar 23 June 2018. Aisghafa 31 March 2018.