Martin Hayes
Fidléir Éireannach mór le rá agus ball den sárghrúpa Gael-Meiriceánach The Gloaming is ea Martin Hayes (a rugadh i Machaire Rátha,[1] Contae an Chláir ar an 13 Samhain 1961).
(2008) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 Samhain 1961 63 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | fidléir |
Seánra | Ceol na hÉireann |
Uirlis | Veidhlín agus fidil |
Lipéad ceoil | Green Linnet Records |
Suíomh gréasáin | martinhayes.com |
|
Bhí sé ina bhall de Bhanna Céilí na Tulaí sna 1970idí-1980idí luath. Idir 1983-2005, bhí Hayes ina chónaí sna Stáit Aontaithe.
Gníomhach i saol an cheoil thraidisiúnta i Meiriceá agus go hidirnáisiúnta, is iomaí gradam atá buaite ag Hayes, lena n-áirítear Gradam Ceoil TG4. Is buaiteoir Chraobh na hÉireann ar an bhfidil in 1981 agus 1982 – duine de thriúr fidléirí a ainmníodh mar Sheaimpín na hÉireann ar an bhfidil sa rannóg shinsearach dhá bhliain as a chéile.[2]
Tá albaim go leor taifeadta ag Hayes –ina aonar, le Dennis Cahill agus le ceoltóirí eile.[3]
Dlúthdhioscaí
cuir in eagar- Martin Hayes (1993)
- Under The Moon (1995)
- The Lonesome Touch (1997, le Dennis Cahill)
- Live In Seattle (1999, le Dennis Cahill)
- Welcome Here Again (2008, Green Linnet #1233)
agus go leor eile
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ idir An Fhiacail agus An Tullach
- ↑ Ollscoil na Gaillimhe (2018). "Céimithe Oinigh 2018 Fógartha". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2024-10-24.
- ↑ mar shampla, ghlac sé páirt in albaim de chuid an Afro Celt Sound System Seed.