Matthias Claudius

file Gearmánach

File agus iriseoir Gearmánach ab ea Matthias Claudius.[1] Do rugadh é, ar an 15ú lá de Lúnasa sa mbliain 1740, i Reinfeld (Holstein), baile beag atá suite i dtuaisceart na Gearmáine, agus do fuair sé bás, ar an 21ú lá d'Eanáir sa mbliain 1815, i gcathair Hamburg na Gearmáine.

Matthias Claudius
Portrait claudius.jpg
Saol
Eolas breitheReinfeld, 15 Lúnasa 1740, 1740
NáisiúntachtAn Ghearmáin
BásHamburg, 21 Eanáir 1815, 1815
Áit adhlacthaHistorischer Friedhof Wandsbek
Cúis bháisbás nádúrtha
Muintir
Páistí
Siblíní
liosta iomláin
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
Alma materOllscoil Jena : diagacht
TeangachaAn Ghearmáinis
Gairm
Gairmfile, iriseoir, scríbhneoir agus file dlíodóra
BallraíochtEmkendorfer Kreis
SloinnteAsmus agus Wandsbecker Bote
Cleamhnú
ReiligiúinLiútarachas
Discogs ID654835

Tá cáil ar Chlaudius de bharr a chuid filíochta tochtmhaire go háirithe, filíocht a bhfuil tionchar na Volkslieder - .i. amhráin dhúchasacha na Gearmáine - le feiscint uirthi. Is é Der Tod und das Mädchen (Gaeilge: 'An Bás agus an Cailín') an dán is cáiliúla de chuid Chlaudius. Do bhunaigh Franz Schubert Kunstlied - nó 'amhrán ealaíne' - dá chuid ar an ndán san.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Do bhaineadh Claudius úsáid as an ainm cleite Asmus leis.