Maureen Potter
B'amhránaí, aisteoir, banfhuirseoir Éireannach í Maria Philomena Potter (3 Eanáir 1925 - 7 Aibreán 2004).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Eanáir 1925 Fionnradharc, Éire |
Bás | 7 Aibreán 2004 79 bliana d'aois Cluain Tarbh, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí |
Tréimhse oibre | 1938 – |
Uirlis | Ceol gutha |
|
Saol
cuir in eagarRugadh Maureen i mBaile Átha Cliath i Fionnradharc ar thaobh thuaidh na cathrach. Bhí a máthair ina sár amhránaí, ag casadh le John McCormack agus Margaret Burke Sheridan. D’fhreastail sí ar St. Mary's Fairview agus CYMS.
Phós sí Jack O Leary i 1959. Bhuail siad lena chéile don chéad uair riamh i 1943. Chuidigh sé go mór léi chun a ábhar coiméide a scríobh. Bhí beirt chlainne acu, Hugh agus John O’Leary[1].
Agus í naoi mbliain d'aois, d’aithin an fuirseoir Jimmy O’Dea í agus fuair sí páirt i geamaireacht san amharclann Gaiety.
I 1937, thosaigh sí ag obair le Jack Hylton,agus chuaigh sí ar chamchuairt thart ar Shasana agus na hEorpa. I 1938, sa Ghearmáin, rinne siad seó os comhair Adolf Hitler agus an chuid eile den lucht ceannais Naitsíoch.
Sna 1960idí, bhí sí ar Teilifís Éireann uaireanta le O’Dea ach tar éis bás s’aige I 1965 bhí sí i gcomhluadar leis an damhsóir agus fuirseoir, Danny Cummins. Achan samhradh, bhíodh sí ina príomhaoi ag an Gaiety i seó darbh ainm ‘Gaels of Laughter’ a bhí tógtha thart uirthi.
Sna luath 90idí, bhí sí ag maíomh go raibh sí imithe ar scor ón stáitse. Thosaigh sí ag déanamh seónna aonair uair a chloig agus ag scríobh leabhar do pháistí chomh maith. I 2001, ba í an chéad réalta a chuir a lorg láimhe ar an ‘Walk of Fame’ taobh amuigh an Gaiety.[2]
Bás agus Oidhreacht
cuir in eagarFuair Maureen Potter bás ar 7 Aibreán 2004 ina teach, i mBaile Átha Cliath.[3]
Bliain | Scannán |
1957 | The Rising of the Moon |
1958 | Gideon’s Day |
1967 | Ulysses |
1977 | A Portrait of the Artist as a Young Man |
1997 | How To Cheat in the Leaving Cert |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Potter, Maureen | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-03-07.
- ↑ "Maureen Potter". IMDb. Dáta rochtana: 2023-03-07.
- ↑ "Maureen Potter Entertainer" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2023-03-07.