Scríbhneoir Catalónach a rugadh in Barcelona ab ea Mercè Rodoreda I Gurguí (10 Deireadh Fómhair 1908 - 13 Aibreán 1983). Is í a húrscéal is cáiliúla ná La plaça del diamant (Cearnóg an diamaint), úrscéal a aistríodh go níos mó ná tríocha teanga.
Mercè Rodoreda |
|
Breith | (ca) Mercè Rodoreda i Gurguí 10 Deireadh Fómhair 1908 Barcelona, An Spáinn |
---|
Bás | 13 Aibreán 1983 74 bliana d'aois Xerona, An Spáinn |
---|
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse an ae) |
---|
Áit adhlactha | Cementiri de Romanyà de la Selva |
---|
|
|
|
|
|
|
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Liceu Dalmau (1931–1934) Escola Menéndez Pelayo (1915–1916) |
---|
Áit chónaithe | Barcelona Roissy-en-Brie Limoges Bordeaux Páras an Ghinéiv Romanyà de la Selva (en) |
---|
Teanga dhúchais | an Chatalóinis |
---|
|
Réimse oibre | Litríocht |
---|
Gairm | scríbhneoir, Easparantóir, file, úrscéalaí, gearrscéalaí |
---|
Tréimhse oibre | 1930 – |
---|
Fostóir | Revista de Catalunya (1947–) Comissariat de Propaganda (1937–1939) La Publicitat (1935–1939) Institució de les Lletres Catalanes (en) |
---|
Ball de | |
---|
Seánra | Filíocht |
---|
Faoi thionchar | |
---|
Teangacha | An Chatalóinis, an Spáinnis agus Esperanto |
---|
|
Saothar suntasach |
|
Céile | Joan Gurguí (1928–1937) |
---|
Páirtí | Armand Obiols (1939–1971) |
---|
Páiste | Jordi Gurguí i Rodoreda ( ) |
---|
Athair | Andreu Rodoreda i Sallent agus Montserrat Gurguí i Guàrdia |
---|
Gradam a fuarthas - (1987) Serra d'Or Critics Award (en) , as a saothar Death in Spring (en)
- (1982) Serra d'Or Critics Award (en) , as a saothar War so much war (en)
- (1981) Premi de la Crítica de narrativa catalana, as a saothar Viatges i flors (en)
- (1981) Serra d'Or Critics Award (en) , as a saothar Viatges i flors (en)
- (1980) Premi d'Honor de les Lletres Catalanes
- (1980) City of Barcelona Award (en) , as a saothar Viatges i flors (en)
- (1976) Gold Letter (en) , as a saothar Mirall trencat (en)
- (1969) Ramon Llull Novel Award (en) , as a saothar El carrer de les Camèlies (en)
- (1968) Serra d'Or Critics Award (en) , as a saothar Mi Cristina y otros cuentos (en)
- (1967) Serra d'Or Critics Award (en) , as a saothar El carrer de les Camèlies (en)
- (1965) Premi Sant Jordi de novel·la, as a saothar El carrer de les Camèlies (en)
- (1957) Mercè Rodoreda Award (en) , as a saothar Vint-i-dos contes (en)
- (1956) Premi Joan Santamaria (en)
- (1949) Mestre en Gai Saber (en)
- (1948) Flor Natural (en)
- (1947) Flor Natural (en)
- (1937) Joan Crexells award (en) , as a saothar Aloma (en)
|
|
|
Suíomh gréasáin | mercerodoreda.cat |
---|
|
Ní dheachaigh Mercè Rodoreda ar scoil ach ar feadh sé bliana [1], scoil inar úsáideadh an Spáinnis mar mheán teagaisc, agus d’fhoghlaim sí scríobh na Catalóinise mar dhuine fásta. Nuair a bhí sí fiche bliain d’aois, phós sí a huncail, agus bhí mac amháin acu. Bhí sí ag obair mar iriseoir, agus d’fhoilsigh sí cúig úrscéal le linn na dtríochaidí. Nuair a chríochnaigh Cogadh Cathartha na Spáinne, chuaigh sí ar deoraíocht go dtí an Fhrainc, agus mhair sí tríd an Dara Cogadh Domhanda ann.
Tar éis fiche bliana de thost, d’fhoilsigh sí cnuasaigh gearrscéalta Vint-i-dos contes (Dhá scéal is fiche) i 1958, agus i 1962 d’fhoilsigh sí La plaça del diamant (Cearnóg an diamaint), a thuill cáil ar leith. Scéal atá ann faoi bhean óg ón lucht oibre a phósann fear corrmhéineach agus a thagann slán as an gcogadh agus as an gcruatan ina dhiaidh sin. Aistríodh an leabhar seo go Béarla den chéad uair i 1967 le hÉireannach darb ainm Eda O'Shiel.
D’fhill sí go dtí ar an gCatalóin sa bhliain 1972. Faoin am sin, ba scríbhneoir aitheanta í. Fuair sí bás ón ailse i 1983. Tri bliana níos déanaí foilsíodh a dhiostóipe La mort i la primavera (An bás agus an t-earrach).
I measc shaothair Mercè Rodoreda tá:
- La plaça del diamant (Cearnóg an diamaint) (1962)
- El carrer de les Camèlies (Sráid na caiméilia) (1966)
- Jardí vora el mar (Gairdín cois farraige) (1967)
- Aloma (1968)
- Mirall Trencat (Scáthán briste) (1974)
- Quanta, quanta guerra (An oiread sin cogaidh) (1980)
- La mort i la primavera (An bás agus an t-earrach ) (1986) (tar éis bháis)
- Vint-i-dos contes (Dhá scéal is fiche) (1958)
- La meva Cristina i altres contes (Mo Christina agus scéalta eile) (1967)
- Semblava de seda i altres contes (Bhí sé cosúil le síoda agus scéalta eile) (1979)
- Viatges i flors (Turais agus bláthanna) (1980)
- ↑ Arnau, Carme; El Paradís perdut de Mercè Rodoreda, 2015, Edicions 62; l. 202