Micéiné

suíomh seandálaíochta sa Ghréig

Suíomh seandálaíochta in aice le Mykines i nArgolis, oirthuaisceart na Peilipinéise, san Ghréig is ea Micéiné (Sean-Ghréigis: Μυκῆναι nó Μυκήνη, Mykē̂naiMykḗnē). Tá sí suite timpeall 120 ciliméadar siar ó dheas ón Aithin; 11 ciliméadar ó thuaidh ó Argas; agus 48 ciliméadar ó dheas ón Choraint. Tá an suíomh 19 ciliméadar istigh faoin tír ón Mhurascaill Sharónach agus tógtha ar chnoc ag ardú 274 méadar os cionn leibhéal na farraige.[1]

Infotaula de geografia políticaMicéiné
Μυκῆναι (el) Cuir in eagar ar Wikidata
Lions-Gate-Mycenae.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
 37°43′51″N 22°45′22″E / 37.730833333333°N 22.756111111111°E / 37.730833333333; 22.756111111111
Stát ceannasachAn Ghréig
Administrative region of Greece (en) AistrighPeloponnese Region (en) Aistrigh
Municipality of Greece (en) AistrighArgos-Mykines Municipality (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Teanga, nó leagan teanga Gréigis na Mícéine Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de list of Aegean place names in the Mortuary Temple of Amenhotep III (en) Aistrigh agus Archaeological Sites of Mycenae and Tiryns (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla 0.32 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

"Is féidir í a rianú siar go dtí an teanga a labhair cine a tháinig go dtí an Ghréig timpeall na bliana 2000 RC. Chuir an dream sin cathair Micéanae ar bun agus tugadh na Micéanaigh orthu dá bhrí sin. Bhí na Micéanaigh i mbarr a réime go dtí timpeall 1100 RC nuair a tháinig meath orthu. Níl mórán eolais againn faoin teanga díreach i ndiaidh mheath na cathrach úd tar éis ionradh ón tuaisceart.[1]"

"Tháinig an chéad phobal gurbh í an Ghréigis a dteanga don tír timpeall 2000 R.Ch., agus tar éis deireadh a theacht ar shibhialtacht na Mionóch, bhunaigh na luath-Ghréagaigh seo an tsibhialtacht go dtugtar Mícéinéach uirthi, a mhair ó 1600-1100 R.Ch. Is ó Ré na Mícéinéach a eascair na heipicí Hóiméaracha agus na scéalta i dtaobh Chogadh na Traoi, cé nár deineadh leagan údarásach díobh go dtí timpeall 700 R.Ch.[2]"

"I Mícéine na Gréige tá boghta coirbéalta ó timpeall 1300 RC a dtugtar Ciste Aitréas air.[3]"

"Ba thochaltóir tábhachtach seandálaíochta na Traí é Schliemann, mar aon leis na láithreáin Mícéineacha; an Mícéine agus an Tiryns. [4]

"Dhá ghrúpa tuamaí ríoga a fuarthas ag ceann thiar dhaingean na cathrach i Mícéiné na Gréige, na príomhshamplaí fionnta i 1876 ag Heinrich Schliemann (1822-1890)[5]."

Ríthe na Micéanaigh ab iad Steinileas agus Eoraistéas.


Tagairtí


[1]

[2]

[3]

[4]

[5]

  1. Bury, J. B.; Meiggs, Russell (1975). A History of Greece (Fourth ed.). London: MacMillan Press. ISBN 978-0-333-15492-2.