Michelle Lujan Grisham

polaiteoir Meiriceánach

Dlíodóir agus polaiteoir Meiriceánach is ea Michelle Lynn Lujan Grisham ( a rugadh 24 Deireadh Fómhair, 1959) iatá ag obair ó 2019 mar an 32ú gobharnóir ar Nua-Mheicsiceo. Ina ball den Pháirtí Daonlathach, d'oibrigh Lujan Grisham roimhe sin mar ionadaí SAM don 1ú toghlach comhdhála i Nua-Mheicsiceo ó 2013 go 2019.

Infotaula de personaMichelle Lujan Grisham

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Michelle Lynn Lujan
24 Deireadh Fómhair 1959
64 bliana d'aois
Los Alamos, New Mexico Cuir in eagar ar Wikidata
32 Gobharnóir Nua-Mheicsiceo
1 Eanáir 2019 –
← Susana Martinez
Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2017 – 3 Eanáir 2019


Ionadaí na Stát Aontaithe
6 Eanáir 2015 – 3 Eanáir 2017


Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2013 – 3 Eanáir 2015


Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversity of New Mexico School of Law (en) Aistrigh - dochtúireacht sa dlí-eolaíocht (1983–1987)
Ollscoil Nua-Mheicsiceo - Baitsiléir Eolaíochta (1977–1981)
St. Michael's High School (en) Aistrigh (1973–1977) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheAlbuquerque
Teanga dhúchaisBéarla
Airde1.47 m Cuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasDeasógacht
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Santa Fe Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, dlíodóir, feidhmeannach gnó Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

Suíomh gréasáingovernor.state.nm.us… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm5513915 Facebook: GovMLG Twitter: GovMLG Instagram: michellelujangrisham LinkedIn: michelle-lujan-grisham-b76ab710 Youtube: UCWVWbeIUHc2nl-SQgTMczNA Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol agus oideachas cuir in eagar

Rugadh Michelle Lujan i Los Alamos, Nua-Mheicsiceo, agus d'fhás sí aníos i Santa Fe. Chleachtaigh a hathair, Llewellyn Eugene "Buddy" Lujan, an fhiaclóireacht sna hochtóidí go dtí go bhfuair sé bás i Márta 2011. Cúramaí baile as Indiana ó dhúchas ab ea a máthair, Sonja Lee (née Jackson), [1] a fuair bás sa bhliain 2022. Diagnóisíodh go raibh meall inchinne ar a deirfiúr Kimberly nuair a bhí sí dhá bhliain d'aois agus fuair sí bás nuair a shroich sí 21 bliain d'aois. [2]

Gairmréim pholaitiúil luath cuir in eagar

arD’oibrigh Lujan Grisham mar stiúrthóir ar Roinn Aosaithe agus Seirbhísí Fadtéarmacha Nua-Mheicsiceo faoi Bruce King, Gary Johnson, agus Bill Richardson . Le linn thréimhse Richardson, ardaíodh an post go leibhéal na comh-aireachta stáit. Sa bhliain 2004, d'ainmnigh sé Lujan Grisham mar Rúnaí Sláinte Nua-Mheicsiceo agus bhí sí sa phost go dtí 2007. [3]

Toghadh Lujan Grisham ina dhiaidh sin ar Choimisiún Contae Bernalillo, ag obair ann ó 2010 go 2012. [4]

Teach na nIonadaithe SAM cuir in eagar

Toghcháin cuir in eagar

2008 cuir in eagar

D’éirigh Lujan Grisham as a post mar Rúnaí Sláinte, ag seasamh sa toghchán do Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe i 2008, ach chaill sí sa toghchán tosaigh Daonlathach don iarrthóir Martin Heinrich, a bhuaigh le 44% den vóta. Tháinig Rúnaí Stáit Nua-Mheicsiceo, Rebecca Vigil-Giron sa dara háit le 25% agus Lujan Grisham sa tríú háit le 24%. [5] [6] [7]

2012 cuir in eagar

Lorg Lujan Grisham ainmniúchán an pháirtí Dhaonlathaigh don Teach arís in 2012 tar éis do Heinrich cinneadh a dhéanamh rith do Sheanad na Stát Aontaithe . Bhuaigh sí an t-ainmniúchán, ag sárú Marty Chavez agus Eric Griego . [8] Bhuaigh sí ar Janice Arnold-Jones, iarbhall de Theach Ionadaithe Nua-Mheicsiceo, in olltoghchán na Samhna, [9] [10] 59%–41%. [11]

2014 cuir in eagar

Bhuaigh Lujan Grisham ar an bPoblachtánach Mike Frese i dtoghcháin 2014, 59% go 41%. [12]

Naisc sheavhtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". KOB (TV). “Born Sonja Lee Jackson on Jan, 18, 1940, in Brazil, Indiana, she and her family lived abroad at times as her father’s career in the U.S. Air Force landed them in Germany and Japan.”
  2. Seung Min Kim (January 28, 2013). “Sister's death drives Michelle Lujan Grisham”. Politico.Com. Dáta rochtana: July 21, 2013.
  3. Former Health Secretary Grisham Announces for Congress”. Abqjournal.com (October 11, 2007). Dáta rochtana: September 14, 2012.
  4. Our Campaigns - Bernalillo County Commissioner 01 Race - Nov 02, 2010”.
  5. NM District 1- D Primary Race – Jun 03, 2008”. Our Campaigns. Dáta rochtana: July 21, 2013.
  6. Final Results: June 3 primary election”. Las Cruces Sun-News (2008-06-20). Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 24, 2011.
  7. Salazar (June 29, 2008). “Top UNM official red-faced over Lujan Grisham comments”. Abqjournal.com. Dáta rochtana: September 14, 2012.
  8. Third Democrat Vies to Succeed Heinrich in N.M. District : Roll Call Politics”. Rollcall.com (August 17, 2011). Dáta rochtana: September 14, 2012.
  9. Congressional opponents face off in first debate”. KOB (September 9, 2012). Cartlannaíodh an bunleathanach ar September 1, 2013. Dáta rochtana: September 14, 2012.
  10. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Washington Post.
  11. Reichbach (November 7, 2012). “Lujan Grisham blowout could mean no more swing Congressional districts”. New Mexico Telegram. Cartlannaíodh an bunleathanach ar November 1, 2013. Dáta rochtana: November 10, 2012.
  12. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". KOAT-TV.