Mu isamaa, mu õnn ja rõõm
Is é Mu isamaa, mu õnn ja rõõm ('Mo thír dhúchais, mo ghliondar is mo rímhéad') amhrán náisiúnta na hEastóine. Glacadh cinneadh oifigiúil faoi seo sa bhliain 1920 an chéad uair. Nuair a d'fhorghabh na Sóivéadaigh an tír sa bhliain 1940, chaill an t-amhrán an chéimíocht seo, ach tugadh isteach é arís leis an neamhspleáchas nua sa bhliain 1991.
Foirm cheoil | amhrán náisiúnta |
---|---|
Sámpla ceoil | |
Tonúlacht | mórghléas C |
Cumadóir | Fredrik Pacius |
Leabhrógaí | Johann Voldemar Jannsen |
Liriceoir | Johann Voldemar Jannsen |
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Eastóinis |
Ba é Johann Voldemar Jannsen a scríobh na liricí, ach fuarthas an ceol ar iasacht ó na Fionlannaigh - is ionann é agus amhrán náisiúnta na Fionlainne. Ba é Fredrik Pacius a chum an fonn, sa bhliain 1848.
Liricí
cuir in eagarMu isamaa, mu õnn ja rõõm, kui kaunis oled sa! Ei leia mina iial tääl see suure, laia ilma pääl, mis mul nii armas oleks ka, kui sa, mu isamaa!
Sa oled mind ju sünnitand ja üles kasvatand; sind tänan mina alati ja jään sull' truuiks surmani, mul kõige armsam oled sa, mu kallis isamaa!
Su üle Jumal valvaku, mu armas isamaa! Ta olgu sinu kaitseja ja võtku rohkest õnnista, mis iial ette võtad sa, mu kallis isamaa!
Liricí as Gaeilge
cuir in eagarA Thír Dhúchais, is tusa mo ghliondar is mo rímhéad, nach álainn atá tú! Ní thiocfainn choíche ar thír eile anseo ar dhroim an domhain mhóir dá dtabharfainn a leithéid de ghrá agus a thugaim duitse, a Thír Dhúchais!
Is duitse a rugadh ar dtús mé agus is tusa a thug suas mé. Beidh mé i do sheirbhís i gcónaí agus fanfaidh mé dílis duit go lá mo bháis. Is tusa an grá is ansa liom, a Thír dhaor Dhúchais!
Go gcoinní Dia A shúil ort, a Thír dhaor Dhúchais! Go raibh Seisean mar chosantóir agat agus go dtála Sé A thiolacthaí ort go fial, cibé cuspóir a chuirfidh tú romhat, a Thír dhaor Dhúchais!