Ceoltóir ab ea Fredrik Pacius (nó Friedrich Pazius, as Gearmáinis) a chuir bun le traidisiún an cheoil Chlasaicigh san Fhionlainn. Tugtar "athair an cheoil Fhionlannaigh" air. Gearmánach ab ea é, nó rugadh in Hamburg é sa bhliain 1809. Fuair sé bás san Fhionlainn sa bhliain 1891.

Fredrik Pacius
Pacius.jpg
ollamh

Saol
Eolas breitheHamburg, 19 Márta 1809
NáisiúntachtAn Ghearmáin
An Fhionlainn
BásHeilsincí, 8 Eanáir 1891
Áit adhlacthaHietaniemi cemetery (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materGelehrtenschule des Johanneums
TeangachaAn Fhionlainnis
MúinteoiríLouis Spohr
Moritz Hauptmann
Mic léinnJohan Lindberg
Gairm
Gairmcumadóir, stiúrthóir ceolfhoirne, múinteoir ceoil agus múinteoir ollscoile
FostóiríOllscoil Heilsincí
Saothar iomráiteachMaamme
Mu isamaa, mu õnn ja rõõm
Duaiseanna
Gluaiseacht ealaíneceoldráma
Uirlis cheoilveidhlín
IMDbnm0655433
Discogs ID908380

Tháinig Pacius go dtí an Fhionlainn sa bhliain 1834 le ceoltóireacht a theagasc san ollscoil i Heilsincí. Rinne sé an-obair le saol ceoltóireachta na Fionlainne a eagrú, nó bhunaigh sé cór do na mic léinn, chomh maith le cumann ceoltóireachta agus ceolchoirm. Sa bhliain 1848, chuir sé ceol le Vårt Land ("Ár dTír"), dán cáiliúil le Johan Ludvig Runeberg, file náisiúnta na Fionlainne, agus thug na Fionlannaigh a leithéid de thaitneamh don amhrán seo is gurb é amhrán náisiúnta na tíre é inniu féin. Ar ndóigh, is as Fionlainnis is minicí a chantar é inniu, faoin teideal Maamme. Tá an fonn céanna ag dul le Mu isamaa, mu õnn ja rõõm, amhrán náisiúnta na hEastóine.

Sa bhliain 1852 a chum Pacius an dara saothar is cáiliúla aige, mar atá, an chéad cheoldráma Fionlannach riamh. Kung Karls jakt atá air as Sualainnis, agus Kaarle-kuninkaan metsästys as Fionlainnis - ciallaíonn an dá ainm sin An Rí Séarlas ag Sealgaireacht. Ba é Zacharias Topelius, duine de scríbhneoirí bisiúla na linne san Fhionlainn, a scríobh téacs don cheoldráma: cur síos atá ann, go bunúsach, ar thuras sealgaireachta Rí na Sualainne go dtí an Fhionlainn. Ós rud é gur cuid den Rúis Impiriúil ab ea an Fhionlainn ag an am, bhí a phriacal féin ag baint leis an ábhar. Mar sin féin, ó tharla gur chuir an ceoldráma béim ar dhílseacht an náisiúin don rí, níor bhac na cinsirí lena stopadh.

TagairtíCuir in Eagar