Muintir Burke (Caisleán an Bharraigh)

Is Críostaithe bunchreidmheacha iad muintir Burke, as Caisleán an Bharraigh, agus i bhfad amach ar an eite dheis. Is iad Martina agus Seán Burke na tuismitheoirí agus tá deichniúr clainne acu, Ammi, Elijah, Enoch, Esther, Isaac, Jemima, Josiah, Keren, Kezia, and Simeon. Is gníomhaithe iad agus baineann siad úsáid (nó mí-úsáid) as an dlí go minic chun a n-aidhmeanna a chur chun chinn (nó chun imeaglú a dhéanamh). Tá siad glan ina n-aghaidh daoine LADT go minic.

Fuair an deichniúr clainne a gcuid bunoideachais agus oideachas dara leibhéal óna máthair sa bhaile.[1]

Is abhcóide é Simeon Burke agus is aturnae í Ammi Burke.

Tharla an conspóid is mó i Scoil Wilson's Hospital i Muilte Farannáin, Co na hIarmhí
Bhain scéal Wilson's le hiarratas ó dhalta sa scoil go mbainfí leas as an uimhir iolra de na forainmneacha pearsanta
  • 2020. Rialaíodh san Ard-Chúirt go raibh sé mícheart ag an Roinn Oideachais agus Scileanna diúltú torthaí Ardteiste a chur ar fáil do dhalta as Maigh Eo a fuair a chuid oideachais óna mháthair sa mbaile seachas sa chóras foirmiúil oideachais.[1]
  • 2021. Bhí sé maíte ag muintir Burke go ndearna Ollscoil na Gaillimhe leatrom orthu ar bhunús creidimh, ag rá gur ghníomhaigh NUIG go héagórach ina gcoinne nuair a cuireadh cosc ar an gceathrar a bheith páirteach in aon chumann ar an gcampas sa bhliain 2014. Chaith an Breitheamh sa Cúirt Chuarda amach an caingean dlí agus thaobhaigh sé le rialú na hollscoile.[2][3]
  • 2022. Bhí Enoch Burke curtha ar fionraí ó Scoil Wilson's Hospital i Muilte Farannáin, Co na hIarmhí, de bharr aighnis faoi dhuine de dhaltaí na scoile. Bhain an scéal le hiarratas ó dhalta sa scoil go mbainfí leas as an uimhir iolra de na forainmneacha pearsanta agus múinteoirí ag caint san uimhir uatha ar an dalta sin. Ghlac príomhoide na scoile le hiarratas an dalta ach ní raibh aon ghlacadh ag Enoch Burke leis, ar an mbonn go raibh a leithéid glan in aghaidh a chreidimh Chríostaí.[4] Chaith sé sealanna sa phríosún le linn 2022-2024 faoi orduithe cúirte a bhain lena théarma fionraíochta a shárú.
  • 2022-2023. Ammi Burke i gcoinne Oifigeach Breithniúcháin agus An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCAO).[5] Chaill Ammi Burke an cás.[6]
  • 19 Eanáir 2023. Reáchtáladh éisteacht smachtaithe i leith Enoch Burke. I ndiaidh na héisteacht thug muintir Burke íde béil do phríomhoide na scoile Frank Milling agus aturnae bhord bainistíochta na scoile Katherine Kelly.[7][8]
  • Feabhra 2023. Dúirt an Breitheamh Mark Sanfey go raibh scéal Enoch Burke ‘thar a bheith míshásúil’, ag tabhairt faoi deara go an múinteoir fós ar phá iomlán, go raibh sé i Muinseo ar chostas an Stáit ar feadh cúpla céad lá, agus nár íoc sé aon cent d’orduithe costais dlí nó an €88,900 (ag an am sin) i bhfíneálacha.[9]
  • Márta 2023. Bhí gearáin déanta ag muintir Burke faoin gcaoi ar chaith Gardaí leo sa Chúirt Achomhaic. Bhí Uachtarán na Cúirte Achomhairc ag tabhairt a bhreithiúnais i gcás a bhí tugtha ag Enoch Burke nuair a chuir muintir Burke isteach air.[10]
  • 2 Meán Fómhair 2024. Den triú uair, bhí príosún curtha ag an Ard-Chúirt ar an múinteoir Enoch Burke as ordú cúirte a shárú. Dúirt Burke leis an mBreitheamh gur do Dia a bheidh sé freagrach as príosún a chur ar dhuine de bharr a gcreidimh. Bhí ordú curtha ag an iar-phríomhoide 'trasinscneachas a bhrú ar dhaltaí', dar leis. Ach dúradh sa Chúirt gur fadhb shábháilteachta agus sláinte é grúpaí tacaíochta Burke bheith ar thailte na scoile agus taobh amuigh di.[11]
  • 20 Nollaig 2024. Scaoileadh Enoch Burke saor ón bpríosún. Tugadh foláireamh don mhúinteoir go ngearrfaí fíneáil €1,400 air gach lá dá sáródh sé ordú cúirte fanacht amach ó Wilson's Hospital.` Gearradh €193,000 i bhfíneálacha ar Burke roimhe seo ach ní raibh aon chuid den airgead sin íoctha aige.
  • 2025. Tá Enoch Burke fostaithe go hoifigiúil i gcónaí ag Scoil Wilson's Hospital agus ag fáil a thuarastail i gcónaí.[4]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 "‘Éagórach, míréasúnta agus in aghaidh an dlí’ marcanna measta Ardteiste a dhiúltú do dhalta a fuair a chuid oideachais sa bhaile – Breitheamh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2020-08-19). Dáta rochtana: 2024-09-02.
  2. Nuacht RTÉ (2021-11-22). "Caingean dlí in aghaidh NUIG caillte ag teaghlach as Maigh Eo" (as ga-IE). 
  3. "Four siblings lose challenge over ban from membership of NUIG societies" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-09-02.
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2024-12-20). "Enoch Burke scaoilte saor ón bpríosún" (as ga-IE). 
  5. workplacerelations.ie (2023). "An Coimisiún um Chaidreamhsan Áit Oibre, Tuarascáil Bhliantúil 2023". Dáta rochtana: 2024.
  6. extrag.ie (2023-05-03). "D'iarr Ammi Burke ar bhreitheamh í féin a bhaint as a cás" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-09-03.
  7. Nuacht RTÉ (2023-01-19). "Clampar déanta ag Enoch Burke, gaolta ag éisteacht smachtaithe" (as ga-IE). 
  8. Nuacht RTÉ (2023-02-10). "Enoch Burke curtha amach as Cúirt ag na Garda" (as ga-IE). 
  9. extrag.ie (2024-02-28). "Tá Enoch Burke fós ag fáil pá iomlán agus níl aon fhíneáil íoctha aige - Extrag.ie" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-09-03.
  10. Nuacht RTÉ (2023-03-28). "Gearáin déanta ag Ammi, Simeon Burke faoi iompar na nGardaí" (as ga-IE). 
  11. Nuacht RTÉ (2024-09-02). "Príosún curtha ar Enoch Burke an athuair" (as ga-IE).