Rítheaghlach as cúige Chonnacht na meánaoise, géag de chlann Uí Bhriúin, ba ea Muintir Mhurchadha (Meán-Ghaeilge Muintir Murchada). Ainmníodh iad as Murchadh mac Maonaigh, rí of Uí Bhriúin Seola, a fuair bás sa bhliain 891.[1] In am trátha, mar ba ghnách, ainmníodh an ceantar as an muintir.

Luath dhreamanna agus ríochtaí in Éirinn, c. 800

Stair cuir in eagar

Feictear an rítheaghlach don chéad uair sna hannála sa bhliain 1061,[2] agus faoin mbliain 1238 b'ionann an t-ainm agus an tuath.[3] Ghlac an teaghlach an sloinne Ó Flaithbheartaigh. Díbríodh iad ag ríthe Uí Chonchúir go dtí Iar Connacht, áit ar a bhfuil fud cónaí orthu.

Fuarthas ar a laghad na paróiste a leanas mar chuid de Mhuintir Mhurchada: Cill Fhursa, Cill Chilbhire, Cill Éinne, Cill Chuanna, An Carraigín (Gaillimh), Cill Leabhair agus Comar. Meastar freisin go raibh codanna desna paróistí a leanas ann: Béal Chláir, Domhnach Pádraig, Cora Finne (Gaillimh), Tuaim, Cill Bheanáin agus Cill Fhir Iarainn.

Is dréacht é Crichaireacht cinedach nduchasa Muintiri Murchada, a théann siar go dtí Flaithbertach Ua Flaithbertaigh (bás 1098), rí Chonnacht, ina bhfeictear na príomh chlanna agus a gcuid tailte laistigh de Mhuintir Mhurchadha.

Ríthe cuir in eagar

Uí Fhlaithbheartaigh Iarthair cuir in eagar

Uí Fhlaithbheartaigh Oirthir cuir in eagar

Tagairtí sna hannála cuir in eagar

As Annála na gCeithre Máistrí, as Meán-Ghaeilge:

  • ACM 1417.5: Ruaidhri mac Murchadha Uí Fhlaithbertaigh, Ruaidhri mac Diarmada Duibh Uí Flaithbertaigh, & sé fir dhécc d' Uíbh Flaithbhertaigh imaille friú do bháthadh for Chuan Umhaill.
  • ACM 1422.5: Domhnall Find Ua Flaithbheartaigh do mharbhadh la cloinn Domhnaill Uí Fhlaithbhertaigh.
  • ACM 1442.7: O Flaithbheartaigh .i. An Giolla Dub mac Briain tighearna Iarthair Connacht do écc.
  • ACM 1565.5: Murchadh mac Domhnaill mic Ruaidhri Uí Flaithbertaigh do bhathadh.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Nollaig Ó Muraíle (2008), A tract on the Connacht territory of Munitir Mhurchada Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, iml. 113.
  • Paul MacCotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Four Courts Press, 2008, ll. 140–141. ISBN 978-1-84682-098-4

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 891.12
  2. ACM 1061.12
  3. ACM 1238.7, Caisléna do dhénamh h-i Muintir Murchadha