Substaintí nimhiúla iad na néargháis a úsáidtear i machaire an áir agus iad ag cur isteach ar an einsím ar a dtugtar eistearáis aicéitiolcoilín. Is tarchuradóir néarógach é an t-aicéitiolcoilín a thugann an "teachtaireacht" ón inchinn go dtí an matán, agus é in ann an matán a spreagadh chun gnímh. Úsáideann an t-orgánach an eistearáis aicéitiolcoilín leis na móilíní aicéitiolcoilín a scoilt go haicéatáit agus cóilín, ach nuair a chuirfidh an néarghás isteach ar an einsím, fágfar an t-aicéitiolcoilín ag oibriú ar na matáin, ionas nach ligfear iad arís. Mar sin, gheobhaidh an t-othar bás le trithí matán, go háirithe nuair a chaillfidh sé a smacht ar na matáin ríospráide, is é sin, na matáin lena bhfuil sé ag tarraingt anála.

Infotaula d'armaNéarghás
Cineálclass of chemical substances by use (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Go bunúsach, is comhdhúile orgánacha de chuid an fhosfair iad na néargháis. Tá feithidicídí áirithe, cosúil leis an bparaitión, ag oibriú de réir na meicníochta céanna. Cé go dtugtar néargháis orthu, is leachtanna iad le teocht an tseomra, agus is i bhfoirm aerasóil a scaoiltear iad.

De réir Rún a 687 de chuid na Náisiún Aontaithe, a ritheadh i Mí Aibreáin 1991, dearctar ar na néargháis mar airm ollscriosta. De réir an Choinbhinsiúin um Airm Cheimiceacha ón mbliain 1993, a chuaigh i bhfeidhm ar an 29 Aibreán 1997, níl sé ceadaithe d'aon stát go hoifigiúil néargháis a tháirgeadh ná a choinneáil ar stóras.

Aithnítear dhá phríomhghrúpa néarghás, mar atá, an G-ghrúpa agus an V-ghrúpa. Ba iad na saineolaithe Gearmánacha a shintéisigh néargháis an G-ghrúpa thiar sna tríochaidí, go háirithe Gerhard Schrader. Is iad an tsarain, an taban agus an soman na néargháis is aithnidiúla sa ghrúpa áirithe seo.

Maidir leis na V-néargháis, ba é an dochtúir Ranajit Ghosh, a bhí ag obair don chomhlacht tionsclaíochta ceimiceán úd ICI sa Ríocht Aontaithe, a tháinig trasna ar an ngrúpa comhdhúl seo sna caogaidí. Coaúil le Schrader, bhí sé ag forbairt feithidnimheanna nua, agus le fírinne thosaigh an comhlacht ag díol néarghás den chineál V mar fheithidnimh faoin ainm trádála Amiton, ach ansin tháinig chun solais go raibh Amiton chomh láidir mar nimh is nárbh fhéidir é a úsáid gan dainséar tromchúiseach a tharraingt ar na daoine a bhí á scaipeadh. D'éirigh ICI as an taighde ar na comhdhúile seo, ach má d'éirigh, chuir fórsaí armtha na Ríochta Aontaithe agus, ina dhiaidh sin, na dtíortha eile suim sna V-néargháis. Bhí, fiú, an ceimiceoir Sualannach Lars-Erik Tammelin ag déanamh taighde ar na comhdhúile seo, agus uaireanta tugtar "eistir Tammelin" orthu fosta.