An Coimhthíoch
D'fhoilsigh Oifig an tSoláthair An Coimhthigheach[1] le Séamus Mac Conmara den chéad uair i 1939, trí bliana i ndiaidh don údar bás a fháil den eitinn agus gan ach seacht mbliana is fiche slánaithe aige. Bhain an leabhar duais an Chraoibhín sa bhliain 1940 agus d’athfhoilsigh Oifig an tSoláthair cúig uaire a fhad le 1970 é.
(ga) An Coimhthigheach | |
---|---|
Cineál | saothar liteartha |
Cárta innéacs | |
Údar | Séamus Mac Conmara |
Foilseachán | 1939 |
Seánra | úrscéal |
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: stíl + WP:NOR??
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Conspóid Chóipchirt
cuir in eagarD’fhoilsigh Coiscéim leabhairín le Seán Mac Cionnaith[2] i 1988 dar teideal “Saol agus Saothar Shéamais Mhic Conmara” a chuir síos ar shaol agus ar scríbhneoireacht Shéamais Mhic Conmara, obair a chéadspreag An Dr. Diarmaid Ó Doibhlín, go ndéana Dia trócaire air. Ní raibh sé ach cúpla bliain ina dhiaidh sin nuair a rinne Éireannach, a bhí ina chónaí thar sáile, teagmháil le Mac Cionnaith. Mhínigh sé dó gur seoladh an leabhairín chuige agus i ndiaidh á léamh gur mheas sé gur léigh sé úrscéal eile cheana a bhí, dar leis, an-chosúil le ‘An Coimhthíoch’.
Is é an teideal atá ar an leabhar Béarla sin ná ‘The Stranger’, “a novel by Malachy G. Carroll”[3] foilsithe ag ‘The Bruce Publishing Company, Milwaukee’, “COPYRIGHT, 1952, MALACHY G. CARROLL” – “his first book to be published in the United States”.[3]
Deir tús an bhlurba ar chlúdach dusta an leabhair sin:
“The depth of human loneliness and the height of spiritual heroism are touched in this penetrating story of a defrocked priest who must live as a stranger among the townspeople of an Irish village, shackled to a secret stronger than death”.[3]
Príomhphlota an dá leabhar
cuir in eagarBaineann an dá phríomhphlota le hÉireannach óg a chuaigh chun na sagartóireachta agus ar tugadh a chéad pharóiste dó i Sasana. Le linn dó bheith ar shos ghairid, nuair a bhí sé ag stopadh in óstán, tháinig strainséar chuig doras a sheomra agus d’iarr air éisteacht lena fhaoistin. Le linn na faoistine d’fhág an duine anaithnid ábhar goidte i bhfolach i seomra an tsagairt óig i ngan fhios dó. Dar ndóighe, aimsíodh an t-ábhar i seomra an tsagairt, ciontaíodh as gadaíocht é, gearradh tréimhse i bpríosún air agus chuir an eaglais ó chóta é.
Ar saoradh ón phríosún dó tar éis roinnt blianta d’fhill an tÉireannach óg go hÉirinn agus bhain sé faoi i gceantar ó thuaidh, áit nach raibh aithne ag éinne air. Fuair sé obair i muileann, d’fhan sé ar feadh roinnt míonna agus bhí meas ag an phobal air mar oibrí maith agus mar dhuine séimh, múinte, flaithiúil, cráifeach a choinnigh dó féin. Ar an drochuair tar éis tamaill d’aithin iarchime eile é agus tháinig an scéal amach dá bharr gur chaith sé am i bpríosún i Sasana as gadaíocht – rud nár shéan sé nuair a chuir ball an phobail ceist dhíreach air. Leis sin thiontaigh an chuid is mó den phobal ina éadan go dtí go bhfuarthas amach gur sagart as éide é a ciontaíodh go héagórach siocair go raibh sé dílis do rúndacht na faoistine. Ar fhoghlaim iomlán scéal an choimhthígh ghlac an eaglais ar ais isteach é agus a onóir athnuaite.
Na Carachtair
cuir in eagarMaidir le carachtair an dá scéil de, is suimiúil na comparáidí agus na contrárthachtaí atá eatarthu sa dá leabhar, fiú i dtaobh le rud chomh simplí lena n-ainmneacha, mar shampla:
Carachtar | Ainm i ‘An Coimhthíoch’ | Ainm i ‘The Stranger’ |
---|---|---|
An Coimhthíoch | Mícheál Ó Muirthile | Michael John Murray |
Bean an tí/an tsiopa | Máire Bn. Mhic Eochaidh | Mrs. McGough |
Fear an tí/an tsiopa | Séamas Mac Eochaidh | Jimmy McGough |
Iníon an tí/an tsiopa | Neil Nic Eochaidh | Nell McGough |
Fiancé na hiníne | Tom Ó hAnluain | John Boyd |
Úinéir an mhuilinn | Liam Mac Cuarta | Mr. McCourt |
Iarfhostaí an mhuilinn | Páid Ó Reachtúra | Patch Rafferty |
Deartháir Pháid/Patch | Liúc Ó Reachtúra | Luke Rafferty |
Gasúr an mhuilinn | Muiris Ó Fionnagáin | Tommy Muldoon |
An bhaintreach | Bn. Uí Fhionnagáin | Mrs. Brigid Muldoon |
Iníonacha an bhaintrí | Eithnín & Plúirín | Deidre & Kathleen |
An sagart paróiste | Séamas Ó Néill | Seumas Sheridan |
Ceannaire na bhfear | Cránaí Mac Mánais | Big Bob Mullins |
Is furasta a fheiceáil ón liosta seo go bhfuil comparáid shofheicthe idir ainmneacha na bpríomhcharactar sa dá leabhar agus is suimiúil a aithint go bhfuil ainmneacha na mioncharachtar níos éagsúla óna chéile.
Rólanna na gCarachtar
cuir in eagarIs lú na difríochtaí atá idir rólanna na bpríomhcharachtar in insint scéal an dá leabhar, den chuid is mó, chomh fada agus a théann siad i bhfeidhm ar phríomhphlota an dá leabhar; is beag nach bhfuil rólanna cuid mhaith de na carachtair mar a bheadh siad ina bhfrithchaithimh shiméadracha ar a chéile.
Tá carachtair áirithe atá le sonrú sa dá leabhar ach go bhfuil eachtraí agus tábhacht a rólanna laghdaithe nó méadaithe, ag brath ar an leabhar atá faoi mheas. Mar shampla, i ‘An Coimhthíoch’ forbraítear carachtar fiancé Neil, Tom, go bhfuil ról níos lárnaí i bhforbairt an scéil agus i réiteach mhistéir an choimhthígh aige. I gcaibidil a trí cuirtear síos ar an chumann idir Tom agus Neil, an dearcadh a bhí ag tuismitheoirí Neil air agus ar a imeacht ó Chorcaigh go Meiriceá chun airgead a bhailiú a fágadh dó tar éis bhás a uncail. Pléitear cumann na lánúine arís i gcaibidil a hocht, i gcaibidil a deich agus i gcaibidil a haon déag. I gcaibidil a naoi tá Tom páirteach i ndíospóireacht ar pholaitíocht na tíre, gné nach bhfuil i ‘The Stranger’; b’fhéidir gur ceapadh go mbeadh an ghné seo níos conspóidí dá mbeadh sí ar fáil níos leithne i leaganacha Béarla sa bhaile agus thar sáile. Níos moille is é Tom a aimsíonn an Muirthileach ar thaobh an bhealaigh mhóir agus é ag rámhaille ina thinneas; is é Tom a fhoghlaimíonn i dtosach gur sagart as éide atá ann agus a phléann an cás leis an sagart paróiste. Seo an rud a spreagann seanchuimhne ag an Athair Ó Néill agus is cúis le fiosrú agus le fuascailt chúlra an choimhthígh as sin amach.
I ‘The Stranger’, mar shampla, tugtar ról níos lárnaí do Luke, deartháir Patch, mar mhodh ghluaiseacht chun tosaigh an scéil, agus is í Nell a fhoghlaimíonn ar dtús, ach de thaisme chomh maith, gur sagart as éide an coimhthíoch nuair a chluineann sí ag tabhairt aspalóid ina pheacaí do Luke é.
Carachtair Thánaisteacha Bhreise
cuir in eagarTá cúpla mioncharachtar i leabhar amháin nach bhfuil le sonrú sa leabhar eile, mar shampla:
I ‘An Coimhthíoch’
1. Ralph Massington a rinne an gadaíocht san óstán i Sasana agus a d’fhág an t-ábhar goidte i seomra an tsagairt. 2. An tAthair Langdon a fuair admháil ghadaíochta shínithe ó Massington agus é ar leaba a bháis i Sasana agus a thaistil go hÉirinn leis an nuacht.
I ‘The Stranger’
A. An striapach ar chas Luke Rafferty uirthi ar an tsráid in Iúr Chinn Trá, tar éis dó bean eile a robáil, a ba chúis le haithreachas a mhúscailt i Luke. B. Old Tom, an tseanchomharsa ar ghoid Patch Rafferty airgead a shocraide uaidh agus an fear a dhúnmharaigh Luke.
Mionchúinsí eile na leabhar
cuir in eagarSamplaí codanna atá mar an gcéanna sa dá leabhar:
- go bhfuil teidil an dá leabhar mar an gcéanna;
- gur i sráidbhaile taobh amuigh d’Iúr Chinn Trá a thiteann eachtraí an dá scéal amach;
- go bhfuair an coimhthíoch obair i muileann áitiúil;
- go raibh iaroibrí an mhuilinn, a bhí ag gadaíocht, míshásta;
- go raibh deirfiúr tinn ag gasúr an mhuilinn a raibh a mhamaí ina baintreach bocht ar chuidigh an coimhthíoch léi a hiníon a chur chun otharlainne;
- go raibh Liúc/Luke ina chónaí i Londain agus gur as an sráidbhaile céanna é;
- gur éirigh Neil an-cheanúil ar an choimhthíoch;
- gur chas an sagart paróiste den chéad uair ar an choimhthíoch sa mhuileann;
- gur i bpríosún Dartmoor a bhuail Liúc/Luke leis an choimhthíoch den chéad uair;
- gurbh é Páid/Patch a scaoil scéal chúlra an choimhthígh i dtosach do lucht fhear an cheantair;
- go raibh cuimhní ag an sagart paróiste ar chás chúirte sagairt i Sasana a ciontaíodh as gadaíocht seodra;
- gur léigh an coimhthíoch Aifreann sa séipéal áitiúil ag deireadh an scéil.
Samplaí codanna atá éagsúil i ‘The Stranger’:
- gur ghoid Patch Rafferty airgead socraide an seanchomharsana - Old Tom;
- gurbh é Luke Rafferty a ghoid an t-ábhar san óstán i Sasana agus a shínigh admháil don sagart paróiste áitiúil;
- gurbh é Old Tom a dhúnmharaigh Luke;
- gurbh í Nell, chan a fiancé, a d’fhoghlaim céannacht agus rún an choimhthígh i dtosach báire.
Is iomaí mionphointe eile a bhfuil comhmhacalla de le sonrú idir an dá leabhar agus ar ócáidí eile tá mioneachtraí ann a thiteann in ord difriúil eatarthu. D’ainneoin na miondifríochtaí éagsúla thiocfadh a mhaíomh nach bhfuil difear sonraíoch i bpríomhimeachtaí phlotaí an dá leabhar. D’fhéadfadh dá bharr sin fosta a mhaíomh go bhfuil na laigí ceannann céanna le sonrú sa dá leabhar ó thaobh saothair litearthachta de.
Foilsiú in Éirinn
cuir in eagarD’fhoilsigh Mercier Press leabhar dar teideal ‘The Stranger’ in Éirinn i mí na Samhna 1951, le Carroll nuair a bhí sé thart faoi trí bliana is tríocha d’aois, agus cuireadh an “NOTE” a leanas chun tosaigh ar an fhoilsiúchán sin:
“AUTHOR’S NOTE I am indebted to a Gaelic novel “An Coimthigheach”* by the late Seamus Mac Conmara, and published for the Department of Education by Oifig an tSolathair, Dublin, for the bones of the plot of this novel. Where, however, my work coincides with that of Mac Conmara the result is an adaptation not a translation. Several new characters and many new situations have been introduced. I wish to express my gratitude to the Department of Education for their kindness in allowing me to make use of their publication in this way. M.G.C. Published 1940: sale price 2s.6d.”[4]
Mar sin de, idir an “NOTE” seo agus cosúlachtaí an dá leabhar is léir go raibh Carroll breá eolach ar ‘An Coimhthigheach’ sular foilsíodh ‘The Stranger’. Dar ndóighe, aithnítear go raibh ról ag Oifig an tSolathair i gcibé cineál comhaontú a rinneadh le Carroll roimh ré. Bhí ‘An Coimhthigheach’ eisithe trí huaire um 1950 agus bhí méid áirithe clú air in Éirinn. Is léir gur socraíodh ar dhóigh éigin go raibh an “NOTE” sin riachtanach sa leabhar Béarla a bhí le bheith foilsithe in Éirinn, fiú má bhí cibé aitheantas do ‘An Coimhthigheach’ cineál drogallach agus teoranta go maith ann.
Is doiligh glacadh leis go bhfuil “Several new characters and many new situations … introduced” i ‘The Stranger’ diomaite de mhionrólanna Luke, Old Tom agus an striapach; is beag tábhacht atá leo siúd diomaite de Luke, chomh fada agus a bhaineann siad leis an phríomhphlota de. Maidir le hathrú ról Luke féin, d’fhéadfadh a mhaíomh go bhfuil an múnlú is tábhachtaí a rinneadh amscaí go leor; is éadóigh ar fad gur tógadh fíorghadaí na seodra i sráidbhaile in Éirinn ar tharla go ndeachaigh an Stranger chuici nuair a saoradh ó phríosún é, agus murab é sin amhlaidh ní oibreodh príomhphlota ‘The Stranger’ ar chor ar bith!
Is doiligh gan samhlú gurb é an ráiteas a leanas an chuid is lú a d’fhéadfadh a rá faoin chosúlacht láidir idir an dá phlota: “Where, however, my work coincides with that of Mac Conmara …” Tá an chuma air gur roghnaíodh an fhoclaíocht sa ráiteas seo ar mhaithe le cur ina luí ar an léitheoir gur fíorbheag í an chosúlacht idir scéal an dá leabhar agus gur beag go raibh an dara leabhar i dtuilleamaí an chéad leabhair. Dar ndóighe, ní féidir léitheoir sin a mheas muna bhfuil sé féin in ann an dá leabhar a léamh.
Agus nuair a mhaítear “… the bones of the plot of this novel”, is doiligh gan a bheith den tuairim gurb ionann “the bones” céanna agus an príomhphlota iomlán.
Nuair a mhínítear “… the result is an adaptation not a translation”, d’fhéadfadh a mholadh go dtugann an focal “adaptation” neamhchiontacht le fios. Is cosúil gur úsáideadh a leithéid d’aonturas le cur ina luí ar an saol go raibh iarracht neamhurchóideach déanta chun píosa oibre a rinneadh cheana a athchruthú. Ach is amhlaidh go léiríonn cóiriú aon saothar macasamhlú dáiríre an bhunsaothair – ní bheadh cóiriú i gceist muna raibh sin amhlaidh! Ach an ndéantar i gcónaí de mheon macánta é?
Foilsiú i Sasana agus sna Stáit Aontaithe
cuir in eagarTá sé suimiúil a thabhairt faoi deara nach raibh an “NOTE” a bhí chun tosaigh i leabhar an Mercier Press i Samhain 1951, nach raibh sé sin san áireamh sa leabhar a d’fhoilsigh The Bruce Publishing Company i Milwaukee dhá mhí níos moille i mí Eanáir 1952. Foilsíodh an leabhar i Sasana chomh maith tríd an Catholic Book Club7, an bhliain chéanna, 1951, ach ní fios an raibh an “NOTE” teoranta sin cláraithe sa leagan sin den leabhar.
Dála an scéil, tá athruithe beaga focal le sonrú fiú idir na leaganacha Béarla, mar shampla:
Mercier Press (1951), lch.6: “His pipe gurgled nicotinely in its twisted shank as though it were whispering advice.”
The Bruce Publishing Company (1952), lch.7: “His pipe gurgled in its twisted shank as though it were whispering advice.”
Ní fios ar foilsíodh ‘The Stranger’ níos mó ná uair amháin i gCorcaigh nó i Sasana agus níl sé luaite go follasach cé a ghlac cóipcheart foirmeálta chuige féin ag amanna a fhoilsithe i mBaile Átha Cliath agus ní féidir eolas ar bith a aimsiú faoin leabhar a foilsíodh i Sasana. Mar bharr ar scéal a fhoilsithe, d’athfhoilsigh Cluny Media LLC Publishers sna Stáit Aontaithe ‘The Stranger’ i mí na Nollag 2018, “Carroll’s sole effort as a novelist”[5]
Mar sin de foilsíodh ‘The Stranger’ ceithre huaire ar a laghad go n-uige seo.
Tá sé spéisiúil go raibh suim ar leith ag an Bruce Publishing Company agus ag an Catholic Book Club i leabhair a raibh téama Caitliceach de chineál éigin ag baint leo agus a gcuirfeadh léitheoirí Caitliceacha ach go háirithe suim iontu, rud atá amhlaidh i gcás Cluny Media LLC Publishers fosta.
Cóipchearta
cuir in eagarAg brath ar an tír agus ar an bhliain (agus ar chúinsí eile in amanna) ina fhoilsítear saothar, is cosúil gur féidir le cosaint chóipchirt údair a bheith i bhfeidhm thar thréimhsí éagsúla idir 50 go dtí 95 bliain; tuigtear go mbíonn cóipcheart i bhfeidhm in Éirinn go dtí seachtó bliana tar éis bhás an údair. Le linn an ama sin, má tá an t-údar marbh, is gnách go luíonn an cóipcheart lena mhuintir-se ach amháin sa chás gur aontaíodh socrú foirmeálta eile idir an scríbhneoir (nó a mhuintir) agus páirtí eile.
Nuair nach bhfuil ráiteas cóipchirt le sonrú i leabhar a scríobh duine aonair, tuigtear go bhfanann cóipcheart ag an scríbhneoir muna bhfuil ráiteas ann a mhaíonn a mhalairt, a léireodh, mar shampla, go raibh comhaontú cóipchirt eile déanta idir an scríbhneoir agus an comhlacht foilseoireachta.
Níl aon ráiteas cóipchirt le feiceáil i gcéad eagrán ‘An Coimhthigheach’ a d’fhoilsigh Oifig an tSoláthair i 1939, trí bliana i ndiaidh bhás an údair, agus níl a leithéid le sonrú sa séú fhoilsiú sa bhliain 1970 ach an oiread, ceithre bliana is tríocha i ndiaidh bhás Mhic Conmara.
I gcás ‘The Stranger’ a foilsíodh in Éirinn is dóiche gur mar gheall ar an fhéidearthacht faoi cheisteanna cóipchirt á ardú i dtír dhúchais an údair go raibh an “NOTE” cláraithe i leagan ‘The Stranger’ a d’fhoilsigh The Mercier Press. Is suimiúil a aithint sa leabhar a foilsíodh sna Stáit Aontaithe nach bhfuil an “NOTE” céanna san áireamh gí gur amhlaidh go bhfuil ráiteas cóipchirt cláraithe ann agus gur ar leas Malachy. G. Carroll é.
Má thuigeadh sna Stáit Aontaithe go raibh cóipcheart ‘The Stranger’ ag Carroll, mar a ghlac sé chuige féin ag an am, i dtaobh an leabhar a d’fhoilsigh The Bruce Publishing Company i 1952, an amhlaidh go bhfuil an cóipcheart sin ag a mhuintir-se go fóill, ag cuimhniú nár éag sé féin go dtí 2012?
Fiú muna dtabharfaí “translation” ar ‘The Stranger’ sa ghnáthchiall is cosúla é, sé sin aistrithe ó ‘An Coimhthigheach’ focal ar fhocal ar gach uile leathanach, is amhlaidh fosta nach ionann sin agus ciall fhoirmeálta an fhocail ‘aistriúchán’ a chur ar neamhní maidir le cearta cóipchirt de.
Thiocfadh ceisteanna breise a shamhlú maidir le cóiriú/”adaptation” agus le fréamhaí (derivative) de. Dar ndóighe, is amhlaidh go síníonn cosaint chóipchirt thar mhacasamhluithe ‘fíorbheachta’ a fhad le macasamhluithe a bhfuil cosúlacht shuntasach, mhór eatarthu.
Rud eile de, éiríonn ceart cóirithe bunsaothair as ceadú cóipchirt ó úinéir an bhunsaothair amháin. Is amhlaidh, más mian leis an úinéir é, gur féidir leis comhaontú ceadúnaithe a bhunú le páirtí eile. Sa chás sin tuigtear gur chóir go mbeadh nóta soiléir san fhoilseachán a léiríonn cé aige a bhfuil an cóipcheart nó go raibh socrú eile aontaithe leis an úinéir ar an ócáid áirithe sin.
Sular fhág Mac Conmara Ollscoil na Banríona d’aistrigh sé féin úrscéal le Margaret T. Pender [née O’Doherty], ‘The Last of the Irish Chiefs’[6] agus ba í Oifig an tSoláthair fosta a d’fhoilsigh sa bhliain 1938 é faoin teideal ‘Taoiseach Deireannach na nGaedheal’.[7] Le comparáid iardhearcach a dhéanamh fiú ag an am sin, aithníodh Mrs. Pender mar údar agus Séamus Mac Conmara mar aistritheoir an leabhair sin: “... agus “Séamus Mac Conmara a d’aistrigh ó’n Bhéarla”.[7]
Aitheantas
cuir in eagarScríobhadh ‘An Coimhthigheach’ i dteanga neamhfhorleathan agus bhí an t-údar marbh thar cheithre bliana déag um an dtaca a foilsíodh ‘The Stranger’ den chéad uair sna caogaidí, i ré nuair nach raibh an oiread ratha céanna ar chaíonna cumarsáide is atá ar na saolta seo. An é an scéal céanna é, ‘The Stranger’, nuair a chuimhnítear ar an phríomhphlota agus ar na príomhcharachtair? Chuir sé iontas orm síos tríd na blianta nach raibh a fhios ag (nó nár luaigh) Gaeilgeoirí i gcoitinne go raibh ‘leagan’ den scéal clúiteach seo ar fáil i mBéarla in Éirinn féin ó bhí 1951 ann. Bheadh sé suimiúil a fháil amach cad iad na socruithe agus na tuiscintí a bhí idir teaghlach Mhic Conmara, Oifig an tSoláthair (idir 1939 agus 1970), Carroll agus na comhlachtaí foilseoireachta eile a raibh baint ag Carroll leo i dtaobh ‘An Coimhthigheach’ agus ‘The Stranger’ de.
Más amhlaidh gurbh í obair Shéamuis Mhic Conmara inspioráid chruthaitheach scéal ‘The Stranger’ a foilsíodh i mBéarla in Éirinn, i Sasana agus dhá uair sna Stáit Aontaithe, is mór an éagóir í nár tugadh an t-aitheantas ceart don údar óg i ndiaidh a bháis. Do bharúil an sílfeadh Séamus féin, dá mbeadh sé beo sna caogaidí, go raibh díol aitheantais gan agús ar a laghad tuillte aige?
Féach Freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Mac Conmara, Séamus. 1939, 1943, 1950, ‘An Coimhthigheach’; Eagrán Nua 1967, 1968, 1970, ‘An Coimhthíoch’. Foilsitheoir: Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath.
- ↑ Mac Cionnaith, Seán. 1988. ‘Saol agus Saothar Shéamais Mhic Conmara’. Foilsitheoir: Coiscéim, Binn Éadair.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Carroll, Malachy G. 1 Eanáir 1952. ‘The Stranger’. Foilsitheoir: The Bruce Publishing Company, Milwaukee, USA.
- ↑ Carroll, Malachy G. Samhain 1951. ‘The Stranger’. Foilsitheoir: Mercier Press, Cathair Chorcaigh.
- ↑ Carroll, Malachy G. 2018. ‘The Stranger’. Foilsitheoir: Cluny Media LLC Publishers, Rhode Island, USA.
- ↑ Pender, Margaret Teresa. 1900. ‘The Last of the Irish Chiefs’. Foilsitheoir: Martin Lester Ltd., 78 Harcourt St., Dublin; HardPress Publishing (January 10, 2012); 2015 Talbot, Baile Átha Cliath; https://archive.org/details/lastofirishchief00pendiala/page/n7/mode/2up
- ↑ 7.0 7.1 Pender, Margaret T. 27 M.F. 1938. ‘Taoiseach Deireannach na nGaedheal’. Séamus Mac Conmara a d’aistrigh ón Bhéarla. Foilsitheoir: Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath.