Na Cócha Móra
Úrscéal le Micheál ó Síochrú is ea Na Cócha Móra, a tháinig amach sa bhliain 2022.[1][2]
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Micheál ó Síochrú |
Foilseachán | 2022 |
Seánra | úrscéal |
Plota
cuir in eagarScéal coscrach Bharra Mhic Aodhagáin atá ann, gasúr a chaith seal i scoil tionsclaíochta agus a d’fhulaing gach ainide níos measa ná a chéile ó roinnt de na bráithre a bhí ag reáchtáil na scoile. Tá an bhéim ar an mbrúidiúlacht sa chéad leath den leabhar.[3]
Sa dara leath den leabhar, leanann an léitheoir bóthar anróiteach Bharra i dtreo an chneasaithe agus an téarnaimh. Ach d’ainneoin na n-aingeal coimhdeachta a chasann air i mbun a oilithreachta chun lámh chúnta a thabhairt dó, ní féidir leis éalú ó thromluí na mblianta a chaith sé i ngéibheann.
Fiú agus Barra ina fhear gnó rachmasach agus caoifeach mánla pósta aige, ní féidir na taibhsí a dhíbirt, agus filleann siad air nuair is lú a bhfuil coinne aige leo chun é a chéasadh as an nua.[3]
Duaiseanna
cuir in eagarBhronn Oireachtas na Gaeilge gradam Bhuaic-Shaothar Próis na Bliana ar Na Cócha Móra.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Micheál ó Síochrú (2022). "Na Cócha Móra | ar an suíomh 'Litríocht'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2022-11-02.
- ↑ "Na Cócha Móra le Mícheál Ó Siochrú". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2022-11-02.
- ↑ 3.0 3.1 "Na Cócha Móra – An Siopa Leabhar". www.siopaleabhar.com. Dáta rochtana: 2022-11-02.
- ↑ 4.0 4.1 "St Joseph's Industrial School, Tralee" (as en) (2022-06-23). Wikipedia.
- ↑ Commission to Inquire into Child Abuse (CICA), Sean (Mr Justice) Ryan (2009-05). "Report - Commission to Inquire into Child Abuse, vol. 1" (as en).