Nanaitheicneolaíocht ADN

Bíonn nanaitheicneolaíocht ADN bainteach le dearadh agus monarú struchtúr saorga aigéid núicléasaigh, i gcomhair feidhmeanna teicneolaíochta. Sa réimse seo, baintear leas as aigéid núicléacha mar bhunábhair neamh-bhitheolaíochta innealtóireachta le haghaidh nanaitheicneolaíochta, seachas mar iompróirí faisnéise ghéinitigh i gcealla beo. Tá struchtúir statacha cruthaithe ag taighdeoirí sa réimse seo, den sórt sin mar laitísí criostail thríthoiseacha, nanaifheadáin, polaihéadráin, agus cruthanna treallacha, agus feistí feidhmiúla den sórt sin mar meaisíní mhóilíneacha agus ríomhairí ADN. 

Is éard atá i gceist le nanaitheicneolaíocht ADN ná  dearú agus foirmiú nanastruchtúir shaorga, amach as aigéid núicléacha, den sórt sin agus an teitrihéadrán ADN ar thaispeáint sa léaráid thuas. Tá gach imeall den teitrihéadrán ina  20 péire bunaidh ADN héilics dhúbailte, agus gach rinn ina acomhal trí-lámhacgh. Tá na 4 snáithe ADN a fhoirmíonn na 4 aghaidh teitrihéidreach dath-códaithe.

Tagairtí cuir in eagar

Tuilleadh léitheoireachta cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar