Naomh Cilian
Naomh Éireannach ba ea Cilian (nó Cillian nó Chillenus[1]), a rugadh sa Mhullach i gContae an Chabháin tuairim is 640 agus cuireadh chun báis in Würzburg[2] na Gearmáine é ar 8 Iúil 689.[3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 640 An Mullach |
Bás | 689 48/49 bliana d'aois Würzburg |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart, easpag Caitliceach |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Ardú | |
Lá féile | 8 Iúil |
Saol
cuir in eagarI bparóiste an Mhullaigh i gContae an Chabháin i ndeoise Chille Móire a rugadh Naomh Cillian, de réir dealraimh. Oileadh Cilian ina mhanach agus oirníodh é ina easpag i lár na seachtú aoise.
In éineacht le haon chompánach déag, d’fhág sé Éire (mar aon leis An Dá Aspal Déag) agus chas sé leis an bpápa sa Róimh. Le himeacht aimsire shroich sé Würzburg sa Ghearmáin, áit ar cuireadh fáilte chroíúil roimhe ag an Diúc Gozbert. Rinne sé soiscéalaíocht fud fad an cheantair tuairim is 686. Thugtaí aspal Thuringia agus Franconia Thoir air (i dtuaisceart Bhaváir na Gearmáine anois).
Finscéal
cuir in eagarThiontaigh taoiseach na Francóine, Gosbert, ina Chríostaí agus lean cuid mhaith dá phobal le báisteach. Dá ainneoin sin, bhí Cilian míshásta le caighdeán moráltacht chúirt an Diúic,[3] rud a chuir sé in iúl go poiblí.
Ach bhí Gosbert pósta le baintreach a dhearthár, Gailana. Bhí Gailana i gcoinne dlí na heaglaise agus d'ordaigh Cilian do Gosbert scaradh uaithi. Ach mar gheall air seo, shocraigh Gailana Cilian agus a chomhoibrithe Colmán (nó Colonan nó Kolonat) agus Totnán a chur chun báis. Baineadh an ceann de na fir (b'fhéidir)[4], timpeall 689[5].
Tionchar
cuir in eagarTá deabhóid mhór do Naomh Cilian go fóill in Würzburg, áit ina bhfuil a chorp adhlactha, agus ar fud cheantar na Baváire chomh maith.
Déantar comóradh ar Naomh Cilian, Colmán agus Totnán ar 8 Iúil agus tugtar onóir dóibh mar aspail na Francóine.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Revue Celtique 23 (1870). "PLUSIEURS SAVANTS DES ILES BRITANNIQUES ET DU CONTINENT" ("l'orthographe Chillenus est la plus ancienne; les notations CiUiamis et Killianits sont plus récentes"). Paris.
- ↑ "St. Kilian" . Catholic Encyclopedia Volume 8.
- ↑ 3.0 3.1 "Naomh Cillian, easpag agus mairtíreach: Iúil 8 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-07-10. Dáta rochtana: 2020-07-08.
- ↑ "Saint Kilian | Irish missionary" (en). Encyclopedia Britannica -. Dáta rochtana: 2020-07-08 ach níl foinsí ann agus níl muid cinnte gur bhaineadh an cloigeann de na fir.
- ↑ 688 ar http://www.cumannnasagart.ie/ Curtha i gcartlann 2012-08-30 ar an Wayback Machine