Naomh Fiachra

naomh Éireannach

Ba Éireannach é Naomh Fiachra a chuaigh thar lear ar lorg díthreibhe. Thaistil sé tríd an Normainn agus sa deireadh tharla gur casadh Naomh Faro air ag Meaux. I dtrátha 630 a chuir Fiachra faoi mar dhíthreabhach san fhoraois i mBreuil (gar de Meaux), áit ar thóg sé cillín, aireagal don Mhaighdean Mhuire, teach aíochta le haghaidh taistealaithe bochta ón choigríoch agus gairdín beag le freastal orthu. Níor fhág sé an áit go bhfuair sé bás ansin timpeall 670, agus gairmeadh Saint-Fiacre den áit ó shin.

Naomh Fiachra
St. Fiacre of Meaux holding a book and a spade - Book of hours Simon de Varie - KB 74 G37 - 085r min.jpg
Saol
Eolas breithe Éire, 607 (Gregorian)
Náisiúntacht Albain
Bás Meaux, 668 (Gregorian)
Áit adhlactha Meaux Cathedral (en) Aistrigh
Gairm
Féile
30 Lúnasa
Creideamh
Reiligiúin Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Múrphictiúr i Sevilla

Tá trácht air i nGaelscrínte i gCéin leabhair Thomáis Uí Fhiaigh: D'aistrigh sé iomann de chuid muintir Mheaux faoi:

Éire a sheol an naomh thar lear,
Meaux a ghlac leis, togha na bhfear,
Is breá de Meaux go dtáinig sé,
Is breá ag Éireann mac mar é