Is é Natura 2000 ná líonra limistéar san Aontas Eorpach (AE) lena mbaineann ardluach bithéagsúlachta. Limistéir faoi Chosaint Speisialta arna mbunú faoin “Treoir maidir le hÉin” (1979) agus Limistéir Chaomhantais Speisialta arna mbunú faoin “Treoir maidir le Gnáthóga” (1992) atá i Natura

Bosca Sonraí EagraíochtaNatura 2000
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineállíonra Limistéar Caomhantais Speisialta
tionscnamh caomhnaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1992
Rialachas corparáideach
Codanna
Cuid deEmerald network (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttp://ec.europa.eu/environment/nature/natura2000/

Chlúdaigh líonra Natura 2000 níos mó ná 18 % de limistéar talún an Aontais Eorpaigh agus níos mó ná 7 % dá limistéar muirí in 2022. [1]

I mí na Bealtaine 1992, ghlac rialtais na gComhphobal Eorpach le reachtaíocht a ceapadh chun na gnáthóga agus na speicis is mó atá faoi bhagairt ar fud na hEorpa a chosaint. Comhlánaíonn an "Treoir maidir le Gnáthóga” an Treoir maidir le hÉin a glacadh sa bhliain 1979, agus le chéile is ionann iad agus líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint.

Éilíonn an Treoir maidir le hÉin go mbunófar Limistéir faoi Chosaint Speisialta d'éin. Éilíonn an Treoir um Ghnáthóga mar an gcéanna go n-ainmneofaí láithreáin a bhfuil Tábhacht Chomhphobail leo ar chomhaontú ón gCoimisiún Eorpach chun bheith ina Limistéir Chaomhantais Speisialta do speicis seachas éin, agus do chineálacha gnáthóg (m.sh. cineálacha áirithe foraoise, tailte féaraigh, bogaigh, agus araile. Le chéile, cruthaíonn Limistéir faoi Chosaint Speisialta agus Limistéir Chaomhantais Speisialta an líonra Natura 2000 de limistéir chosanta.

Ainmníonn Ballstáit an AE Limistéir faoi Chosaint Speisialta le haghaidh speiceas éan imirceach agus neamhchoitianta faoin Treoir maidir le hÉin. Ina theannta sin, molann siad láithreáin chosanta faoin Treoir maidir le Gnáthóga le haghaidh speiceas fauna agus flora agus le haghaidh gnáthóg sainleasa, toisc gur speicis neamhchoitianta nó leochaileacha iad, nó toisc go bhfuil baol ann go rachaidh siad in éag. Glacann an Coimisiún Eorpach le láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo bunaithe ar na moltaí seo agus laistigh de chreat naoi réigiún bhithgheografacha in AE (Alpach, Atlantach, na Mara Duibhe, Bóireach, Críochach, Macrainéiseach, na Meánmhara, Panónach agus Steipeach). Bíonn sé bliana ag na Ballstáit chun na limistéir sin a ainmniú mar limistéir faoi chosaint speisialta.

Is é Natura 2000 an líonra comhordaithe is mó ar domhan de limistéir chosanta agus is ionann é agus beagnach an cúigiú cuid de limistéar talún an AE agus breis is 250 000 ciliméadar cearnach de dhromchla muirí.

FÉACH FOSTA



  1. JUSSIANT. “EC Library Guides: Biodiversity and nature protection: Natura 2000 network” (en). ec-europa-eu.libguides.com. Dáta rochtana: 2023-09-21.