Nessa Ní Shéaghdha

scoláire Éireannach

Scoláire Léinn Cheiltigh ba ea Nessa Ní Shéaghdha (14ú Márta 1916 – 11ú Aibreán 1993).

Infotaula de personaNessa Ní Shéaghdha
Beathaisnéis
Breith14 Márta 1916
Droim Conrach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Aibreán 1993
77 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmacadóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
AthairSeán Pádraig Ó Séaghdha

Rugadh Nessa Ní Shéaghdha ar an 14ú Márta 1916 ag 20 Bóthar Aran, Droim Conrach, Áth Cliath. Pádraig Ó Séaghdha agus Kitty Nic Caochlaoich ba ea a tuistí. Fear gnó agus náisiúnaí ba ea a hathair. Bhí deartháir agus ceathrar deirfiúracha ag Ní Shéaghdha Nessa.

D'fhreastail sí ar Scoil Bhríde agus Scoil Chaitríona stíle ndeachaigh sí go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sa bhliain 1936. Rinne sí staidéar faoi Osborn Bergin and Gearóid Ó Murchadha. Bhain sí bunchéim sa tSean-Ghaeilge amach, agus céim mháistir faoi stiúir Bhergin.

Chuaigh sí ann obair le Leabhair ó láimhsgríbhinigh, tionscadal a bunaíodh sa bhliain 1937 chun tascanna nua a chur ar fáil do léitheoirí na Gaeilge. Le hÓ Murchadha agus Máire Ní Mhuirgheasa, d'fhoilsigh Ní Shéaghdha na dara is tríú imleabhar den sraith Trí bruidhne, 1941. Chuir sí in eagar le Máirín Ní Mhuiríosa na teidil Bruidhean Chéise Corainn, Bruidhean Bheag na hAlmhaine agus Bruidhean Chaorthainn, an baint leas as lámhscríbhinní san National Library of Scotland. Sampla eile dá chuid is ea Tóraíacht Diarmada agus Ghráinne.

Chaith Ní Shéaghdha tamall i nDún Éideann áit a bhuail sí agus rinne cairdeas le Sorley MacLean. Thit seisean i ngrá léi agus ba í a spreag roinnt dá chuid dánta.

D'fhreastail Ní Shéaghdha ar an Scoil Léinn Cheiltigh ag Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ón mbliain 1950 go dtí 1954. Chuaigh sí ar scor sa bhliain 1981 agus í ina scoláire agus taighdeoir. Lean sí léi ag cuir lámhscríbhinní Éireannacha i gcatalóg, ag tabhairt léachtaí agus ag feidhmiú mar scrúdaitheoir seachtrach.[1][2][3][4][5][6][7][8][9][10][11]

Beatha pearsanta

cuir in eagar

Phós Ní Shéaghdha le David J. Doran sa bhliain 1939. Bhí mac agus triúr iníonacha acu. Bhí cónaí orthu Corca Dhuibhne, Droim Conrach.

Agus a chlann tógtha aici, dc obair sí ar bhonn páirtaimseartha, Fuair sí bás ar an 11ú Aibreán 1993. Adhlacadh í i nÁth na Sceire, Contae Chill Mhantáin.[1][11]

Leabharliosta

cuir in eagar
  • Stair fhír-cheart ar Éirinn, (1941)
  • Agallamh na seanórach, (1942–5)
  • Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne, (1967)
  • Translations and adaptions into Irish, (1984)
  • "Collectors of Irish manuscripts: motives and methods" in Celtica xvii (1985)
  • "Irish scholars and scribes in eighteenth-century Dublin" in Eighteenth-Century Ireland, iv (1989), 41–54.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 "NÍ SHÉAGHDHA, Nessa (1916–1993)" (ga) (2017-11-08). Dáta rochtana: 2019-11-13.
  2. "Contra Incantationes" (2018-03-27). Dáta rochtana: 2019-11-13.
  3. "TEI header for De Febre Efemera nó an Liagh i n-Eirinn i n-allod" (2018-03-26). Dáta rochtana: 2019-11-13.
  4. Miller, D.A. (2003). "The Epic Hero". Johns Hopkins University Press. 
  5. McLeod, W. (2016). "Canan & Cultar (Language and Culture): Rannsachadh na Gaidhlig 8" (as sv). Dunedin Academic Press. 
  6. MacLeod, S.P. (2011). "Celtic Myth and Religion: A Study of Traditional Belief, with Newly Translated Prayers, Poems and Songs". McFarland, Incorporated, Publishers. 
  7. "A New History of Ireland: Volume III: Early Modern Ireland 1534-1691" (2009). OUP Oxford. 
  8. "CSANA Database".
  9. "Dalkey archive".
  10. Sharpe, Richard. "Manuscript and print in Gaelic Scotland and Ireland". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-06-30. Dáta rochtana: 2022-06-30.
  11. 11.0 11.1 O'Riordan, Turlough (2009). "Dictionary of Irish Biography". Cambridge: Cambridge University Press.