Niamh Bhreathnach
Teachta Dála i nDún Laoghaire agus iarAire Oideachais ba ea Niamh Bhreathnach ó Pháirtí an Lucht Oibre (1 Meitheamh 1945 – 6 Feabhra 2023).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Meitheamh 1945 Baile Uí Lachnáin, Éire |
Bás | 6 Feabhra 2023 77 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Seanadóir na hÉireann | |
13 Meitheamh 1997 – 10 Iúil 1997 Téarma parlaiminte: 20ú Seanad Éireann Toghcheantar: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann | |
An tAire Oideachais agus Scileanna | |
15 Nollaig 1994 – 26 Meitheamh 1997 ← Michael Smith (en) – Mícheál Ó Máirtín → | |
An tAire Oideachais agus Scileanna | |
12 Eanáir 1993 – 17 Samhain 1994 ← Séamus Ó Braonáin – Michael Smith (en) → | |
Teachta Dála | |
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 27ú Dáil Toghcheantar: Dún Laoghaire Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1992 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Froebel College of Education (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | múinteoir leasúcháin, polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre |
Gairm
cuir in eagarCeapadh Niamh Bhreathnach ina hAire Oideachais sa bhliain 1993 (tráth a raibh beirt bhan ina nAirí Rialtais – í féin agus Máire Geoghegan-Quinn a bhí ina hAire Dlí agus Cirt). Lena linn sa Roinn Oideachais, cuireadh táillí tríú leibhéal ar ceal; cuireadh le caiteachas an Stáit ar ghnóthaí oideachais; agus tugadh isteach clár nua le scoileanna i gceantair bhochta agus i gceantair tuaithe a thabhairt i gcrann (réamhtheachtaí an chláir DEIS).[1]
Pearsanta
cuir in eagarB'iníon í le Breandán Bhreathnach, an ceoltóir a scríobh an leabhar Ceol RInce na hÉireann.
Mhair a fear céile Tom Ferris, agus a gclann Clíodhna agus Macdara.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2023-02-06). "Iar-Aire Oideachais Niamh Bhreathnach tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ "Ómós tugtha ag Uachtarán d'iar-aire Bhreathnach atá básaithe" (en-GB) (2023-02-06). Dáta rochtana: 2023-02-08.