Is ball éadaigh a chaitheann mná Moslamacha áirithe chun a gcorp agus a n-aghaidh iomlán a chlúdach é an niceab[1] (Araibis: نقاب). Is léiriú é san Ioslam ar choincheap an hidseab, agus caitear go poiblí é agus i ngach áit eile ina bhféadfadh bean casadh le fir nach mahram iad. Is coitianta i Leithinis na hAraibe é, agus tá sé conspóideach i go leor áiteanna ar fud an domhain, fiú i roinnt tíortha a bhfuil tromlach Moslamach iontu.

Bean Mhoslamach san Araib Shádach, 2013
Bean Mhoslamach sa Bhanglaidéis

Tagairtí cuir in eagar

  1. “niceab” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-27.