Obsaidian a thugtar ar ghloine nádúrtha bholcánach a chruthófar má fhuaraíonn brúchtadh laibhe as an mbolcán chomh luath is nach bhfoirmítear criostail. Sórt bruthcharraige atá ann mar sin. Dé-ocsaíd sileacain a bhíonn ann don chuid is mó (tuairim is 70 %). Ní mianra i gciall cheart an fhocail é an t-obsaidian, toisc gur gloine atá ann, is é sin, ábhar dímhorfach nach bhfuil struchtúr criostalda aige.

Infotaula de mineralObsaidian

Aicmiú
CatagóirMianra
Airíonna
Dathdubh, donn agus dearg
Briseadhbriseadh concóideach
Cruas Mohs5.5

D'úsáidtí obsaidian mar amhábhar do sceana is do reanna saighde ón aimsir réamhstairiúil ar aghaidh. Ar na saolta seo féin déantar sceana géara agus ionstraimí gearrtha eile as obsaidian. Thairis sin is féidir seodra a dhéanamh as.

Bunús agus airíonna cuir in eagar

"in genere vitri et obsiana numerantur ad similitudinem lapidis, quem in aethiopia invenit obsius.." (Gaeilge; "go ginearálta déantar iad a áireamh i bhfoirm gloine agus obsaidian, a fuair Obsius san Aetóip" )</ref>Plinias Mór, Naturalis Historia. [1]</ref>

Tagairtí cuir in eagar