Séard is brí le bogearra ná ríomhchlár a bhronnann gnéithe agus feidhmíochtaí bhreise ar ríomhairí. Ríomhchláir ata ann a choinnítear ar chóras ríomhaireachta agus a ritear chun tascanna ríomhaireachta a chur i gcrích.

Bogearraí
Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deríomhaire

Suiteáiltear bogearraí ar ríomhairí ionas gur féidir leis na daoine a bhaineann feidhm as ríomhairí a thuilleadh obair a dhéanamh agus leas níos mó a bhaint as an ríomhaire. Inneallra na rudaí nithiúla atá mar chuid de ríomhaire amhail scáileán, luchóg, méarchlár agus an tiomántán.

Cineálacha cuir in eagar

Is iomaí cineál bogearraí atá ann. Tá bogearraí ann ionas gur féidir le daoine cáipéisí a chlóscríobh. Tá bogearraí ann a bhaineann leis an gréasán domhanda amhail líonléitheoirí, bainisteoirí ríomhphoist is araile. Aicme eile ná bogearraí a bhaineann le seinm meáin amhail seinnteoir meán a sheinneann ceol agus físeáin.

Is féidir grianghraif a chur in eagar ar ríomhairí freisin. Is iomaí cineál bogearraí atá ann chun inneall a chur ar chnuasaigh ghrianghraif. Is féidir leas a bhaint as bogearraí áirithe chun teagmháil a dhéanamh le daoine. Is féidir comhrá a dhéanamh agus glao ar dhaoine trí fheidhm a bhaint as bogearraí amhail Skype.

Is féidir bogearraí a rangú de réir a úsáide:

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar